Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 4 mhór rudaí arbh éigean don chlann a dhéanamh dóibh fhéin anois. D’amharc si- ad i ndiaidh a chéile mar go raibh a n-athair gnoitheach go maith ag dul don ghréasaíocht i rith an lae. D’fhoghlaim siad an dóigh le tine a chur síos, béilí a ullmhú agus iad fhéin a ullmhú don scoil achan mhaidin agus dar ndóigh bhíodh timireachtaí go leor le déanamh thart fán teach achan tráthnóna. Bhí eallach le cur isteach agus amach, d’fhoghlaim siad an dóigh le iad a bhlí, chuidigh siad leis an bharr – a chur agus a shábháil agus dar ndóigh shábháil siad an mhóin . Ar an dóigh seo mheas Mícheál gur thug an taithí seo i saol a óige ne- amhspléachas dó ar bhain sé tairbhe as le linn a shaoil. Bhí Mícheál ró-óg le tuiscint cheart a bheith aige do bhás a mháthrach, char chrothnaigh sé i gceart í go dtí níos moille ina shaol. Ba ghréasaí den scoth a bhí ina athair Jimmy Brown agus bhain sé duais uair amháin do dhéanamh bróg.Dúirt Mícheál go raibh lámh iontach aige ar dhéanamh bróg agus go dearn sé bróga áilne. Ba ghnáth leis bróga a dhéanamh fosta d’aoirí (shepherds) an Bhrocaigh. Théadh sé go haonach an Chraoslaigh agus dhéanadh sé cosa na n-aoirí a thomhais agus bhíodh na bróga déanta aige dóibh don chéad aonach eile. Fear ceirde agus cruthaitheoir. Bhí dúil mhór aige sa scoil, rud nach gcloisfeá ó mhórán daoine a bheadh ar chomhaois leis ag rá. D’admhaigh sé nach raibh a dhath sásúil fá bheith ag siúl na scoile i ndúlaíocht an Gheimhridh agus a bheith ina shuí in éadach fliuch i rith an lae agus chomh maith le sin bhí saol na scoile thar a bheith dian ag an Scaifte paistí i Scoil Charraig Airt le linn do Mhícheál a bheith ar an scoil ansin . Ta cúigear sa líne tosaigh agus ceathrar ar cúl. Tá siad uilig ar shlí na fírinne anois, go ndéana Dia trócaire orthu, ach amháin Fr. Brown é fhéin. ‘ Un tosaigh ó chlé: Jimmy Jim, Micheal Brown, Bill Mac Pháidín (Bill Aindí Phádraig), Tommy Cullen agus James Sweeney. Ar cúl ó chlé: Neil Friel, Mandy Coyle, Patrick kelly, agus Máire Bn Uí Ghallchóir (Mary Mandy).
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3