Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 5 am, ach thaitin an fhoghlaim leis, go háirithe an deis a fuair sé le neart léitheoireachta a dhéanamh. Ach ghoill sé air nach dearn an córas oideachais freastal orthusan a bhí ar an ghannchuid.Cha raibh dóigh ar bith a raibh a gcuid oideachais ag dul a dhul thar leibhéal na bunscoile, rinne an bhochtaineacht a bhí sa cheantar cinnte de sin. Chaithfeadh dóigh mhaith a bheith ar dhaoine lena gcuid páistí a chur go dtí an dara leibhéál agus cha raibh mórán acu sin fán cheantar. Bhí truaigh aige dóbhtha sin a bhí breá éi- rimiúil ach nach bhfuair deis ariamh a dhul níos faide sa chóras oideachais, ná deis a fháil an fhorbairt cheart a dhéanamh ar an éirim a bhí acu. Scairt na Sagartachta. Bhí suim ag Mícheál a bheith ina shagart ó bhí sé an-óg ach cha dtiocfadh leis déanamh amach cad é mar d’éireodh leis a mhian a chur i gcrích mar go raibh airgead a dhíth le dhul ‘na Coláiste agus cha raibh an cineál sin airgid acu. Ach d’aithin an múinteoir, Pat Mac Pháidín, (Pat Mór), dar ndóigh, go raibh éirim thar an ghnách i Mícheál agus thosaigh sé a ullmhú do scoláireacht na Comhairle Contae, ag súil go bhfaigheadh sé scoláireacht a bhéarfadh deis dó a dhul ar aghaidh agus oideachas dara leibhéal a fháil. Ach mar a deir an seanfhocal ‘is gaire cabhair Dé ná an doras’. Timpeall an ama seo tháinig sagart ar cuairt ar scoltacha na paróiste ag cuartú gasúraí a raibh suim acu a dhul ar aghaidh le bheith ina sagairt. Ba seo an tAth. Seosamh Mac Giolla Choinnigh, as Rath Maoláin. Bhí sé ina uachtarán ag an am ar Choláiste dara leibhéal na gCairmíliteach (Carmelites) i gCo. Chorcaigh agus bhí an t-oideachas dara leibhéal seo saor in aisce. Is cosúil go raibh a fhios ag an mháistír Mac Pháidín go raibh suim ag Micheál sa tsagartacht mar gur dhúirt sé leis an sagart labhairt le Mícheál. Mar a dúirt Mí- chéal é fhén ba seo an deis a bhí a dhíth air- sean agus ghlac sé leis go fonnmhar. Is cuimhin go maith le Mícheál gur labhair an tAth Mac Giolla Choinnigh lena athair agus dúirt sé leis: ‘he’s very small’ agus dúirt a athair mar fhreagra, ‘he’s only eleven’. Mheas Mac Giolla Choinnigh go bhfanfadh siad bliain eile. Ba mhinic a smaoinigh sé ina dhiaidh sin caidé chomh hámharach agus chomh beannaithe agus a bhí sé ag an am go dtáinig an deis seo a bhealach mar is cinnte gur chuir cuairt an tsagairt ‘na scoile cor ina Mícheál lena athair 1951
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3