Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 6 shaol. Ar shiúl go Corcaigh. I mi Meán an Fhómhair 1940 a thug Mícheál aghaidh ar Chorcaigh.B’athrú mór a bhí ann dó a bheith ag fágáil an baile don chéad uair. Cha raibh sé furasta ag gasúr beag dhá bhliain déag a bheith ag déanamh an turas fada go Corcaigh, ag imeacht ó bhaile don chéad uair agus ag castáil ar dhaoine coimhthíocha, da- oine nach raibh aithne ar bith aige orthu agus chuig áit a mbeadh air cairde úra a dhéanamh.Thiocfaí a rá go raibh Corcaigh comh fada ar shiúl i 1940 agus atá Boston inniu. Ach char chuir seo isteach nó amach air, thug sé sásamh iontach do an deis seo a fháil imeacht ‘na coláiste. Tá cuimhne i gcónaí aige ar a chéad thuras go dtí an choláiste i mBaile na Martra. (Castlemartyr). Bhí gasúr eile as Gort na Brád ag dul leis, ba seo gasúr de chlann Mhic Caffrey, bhí a mhuintir i ndiaidh a theacht as Meiriceá. An mhaidin a d’fhág siad fuair siad an bus i gCarraig Airt agus thug sin iad go Leitir Ceanainn, an traein ansin go Port a’Dúnáin áit ar athraigh siad go traein Bhaile Átha Cliath. Bhí sagart ansin rompu i mBaile Átha Cliath agus thug sé iad agus gasúraí ó áiteacha eile sa tír a bhí ag dul go dtí an Choláiste fosta, fá choinne lóistín na hoíche a fháil. Ar maidin lá arna mhárach chuir an sagart seo iad ar thraein Chorcaigh. Cha raibh an choláiste mór, cha raibh ann ach timpeall trí fichid mac léinn ach bhí a chroí istigh sa choláiste agus i saol na coláiste ón chéad lá. ‘Siad na rudaí faoin choláiste a thaitin leis ná go raibh cairdiúlacht iontach ann agus bhí an fhoireann (staff) lách, cineálta agus trócaireach. Cha raibh pionós ar bith a chur ar na gasúraí, níl fhios agam an rud é go raibh na mic léinn chomh múinte modhúil sin nó arbh rud é gurbh é polasaí an choláiste a bhí ann agus nach bhfaca siad tairbhe ar bith ag baint le pionós ach, ar chaoi ar bith, sin mar a bhí saol na coláiste i mBaile na Martra ag an am. Thiocfaí a rá nach raibh cosúlacht de chineál ar bith idir saol na coláiste i mBaile na Martra agus an saol i meánscoltacha eile ar fud na tíre, scoltacha ina bhfuair an ‘leathar’ tús áite. Iománaíocht agus Peil. Ceann de na cúiseanna móra dar ndóigh go raibh an oiread sin dúile aige i saol na coláiste ná go raibh a chroí sa spórt agus bhí béim mhór ar pheil agus ar iománaíocht. Cé nach raibh mórán Mícheal agus fear céile a dheirfiúr, Mick Lynagh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3