Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 7 taithí ag bunadh an cheantair seo ar iománaíocht thug Mí- cheál faoi go fonnmhar. Thosaigh sé tré bheith ina sheas- amh lena chamán bheag ar chúl na gcúl ag bu- aladh na liathróide ar ais chucusan a bhíodh ag imirt. Bhí cleachtadh agus taithí ag furmhór na mac léinn ar an iománaíocht mar go dtáinig a lán acu ó chontaethe a raibh iománaíocht láidir iontu. Nach iontach an díogras agus an dícheall a bhí i Mícheál mar nuair a d’fhág sé an choláiste sa bhliain 1945 bhí sé ar an fhoireann peile agus ar an fhoireann iománaíochta. B’éacht ann fhéin a bhí anseo. Cha raibh ceangal ar bith ag na mic léinn leis an saol taobh amuigh, cha raibh fáil acu ar pháipéirí ná raidió, bhí siad gaibhte ina saol sona sásta fhéin agus cha raibh amhail ná aird acu ar an chogadh mór a bhí ag réabadh is ag strócadh an croí as tíortha na hEorpa. Baile Loch Riach. ( Loughrea). Nuair a bhí an tArd Teist déanta aige bhí air bliain a chaitheamh i mBaile Loch Riach i gCo. Na Gaillimhe, áit a raibh mainistir ag na Cairmilítigh. Ba seo an áit a ndearna sé a nóibhíseacht (novitiate), tréimhse bliana a bhí ar na stócaigh óga a chaitheamh istigh anseo agus iad ag ullmhú don saol a bhí rompu in ord na gCairmilíteach. Ba seo bliain a bhí dian go leor, cha raibh teagmháil ar bith leis an saol taobh amuigh agus leoga cha raibh mórán teagmhála leis na stó- caigh a bhí ina chuideachta mar go raibh tréimhsí fada i rith an lae nach raibh cead acu caidreamh ar bith a bheith acu le daoine eile. Seisear acu ar fad a bhí ann. Bhí ranganna sa chéad chuid den lá agus ansin chaith siad tréimhsí ag obair amuigh sna gairdíní a bhí mar pháirt den mhainistir. Ach tharla eachtra truacánta, léanmhar eile ina shaol agus é thíos i mBaile Loch Riach, ‘sé sin go bhfuair a dheartháir James bás agus gan é ach scór bliain d’aois. Ba seo sa bhliain 1946. Bhí sin olc go leor ach mar bharr ar an donas cha raibh cead aige a theacht ‘na bhaile. Ba sin an riail a bhí ann maidir leis an nóibhíseacht, cha dtiocfadh leat dó nóibhíseacht a bhriseadh, bhí air fanacht Sa rang ar an mheánscoil i gCorcaí. Ta mícheal un tosaigh, an tríú duine ó chlé.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3