Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 8 san áit a raibh sé. Cha dtiocfaí a rá gur riail a bhí ann a thaispeáin mórán trócaire. An Oirniú. Nuair a bhí a bhliain curtha isteach aige i mBaile Loch Riach chaith sé an chuid eile dá chuid ama ag ullmhú don sagartacht i mBaile Atha Cliath, ag staidéar na fealsúnachta agus na diagachta. Cha ndéanfaí na micléinn a oirniú san am sin go mbeadh siad sé bliain agus fiche agus de thairbhe sin b’éigean dó fanacht bliain sa bhreis mar mhacléinn mar go raibh sé ró-óg. Ach buaileadh buille tu- baisteach eile ar Mhícheál, seo sa bhliain 1952, an bhliain sular oirníodh é, mar go bhfuair a athair bás. Bhí ailse air ar feadh tréimhse agus ba sin an galar a thug a bhás sa deireadh. Bhí a athair ag súil go mór le hoirniú Mhícheáil agus bhí díomá mhór air nuair a tugadh le tuiscint dó nach mbeadh sé ansin leis an lá a cheiliúradh lena mhac. Dúirt sé, agus é ar leaba ‘n bháis, a inseacht do Mhícheáil go mbeadh sé ag an ócáid i spiorad. Ba mhór an t-ábhár pianpháise a bhí ann dó go raibh a thuismitheoirí agus a dheartháir anois ar shlí na fírinne. Is cuimhin le Mícheál nuair a chuaigh sé ar ais go Baile Átha Cliath i ndiaidh an tórraimh gur dhúirt duine de na micléinn eile leis, ‘Caithfidh tú treabhadh leat anois ar do chonlán fhéin’. Is cinnte gur ghoill sé go mór ar an sagart óg as Dún Mór ar lá a oirnithe i gColáiste Clonliffe i Mí Márta 1953 nach raibh a athair ná a mháthair ansin le é a fheiceáil agus le bheith mar pháirt den ócáid ba thábhachtaí ina shaol. Rinne a athair péire úr bróg dó sula bhfuair sé bás agus ba seo na bróga a chaith Mícheál ar lá a oirnithe. Is fíor a rá gur fhulaing Mícheál cuid mhór ina shaol, bhí a dheartháir, a athair agus a mháthair ar shlí na fírinne nuair nach raibh sé ach ina fhear óg ceithre bliana agus fiche agus is cinnte go raibh cumhaigh mhór air ina ndiaidh in aman- na i rith a shaoil. Ach mar a dúirt sé fhéin rinne sé cairde lena lán daoine a d’fhan dílis dó agus bhí a chuid daoine muinteartha thar a bheith maith dó. Dar ndóigh ba ócáid mhór dó a theacht ‘na bhaile i ndiaidh a oirnithe agus cuairt a tha- bhairt ar a chuid daoine muinteartha, ar a chairde agus ar an phobal. Ba le linn dó a bheith ag tabhairt cuairte ar thithe na paróiste a bhuail sé isteach ag athair agus máthair an Easpaig sna Dúnaibh, Joe agus a bhean Bridget. Bhí Philip, an tEaspag Ó

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3