Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 9 Buaidhe anois ina leathstócach ag an am. Dúirt an tEaspag Ó Buaidhe ina chuid cainte san Ard Eaglais i Leitir Ceanainn le linn dó a bheith ag ceiliúradh a leathchéad bliain mar shagart gurb é Mícheál a spreag é le bheith ina shagart. I ndiaidh a oirnithe cuireadh é fhéin agus beirt dá chairde a bhí sa rang leis ar ais go dtí an mhainistir i Loch Riach le tús a chur lena gcuid oibre mar shagairt. San Astráil. Bhí sé timpeall dhá bhliain go leith ansin i mBaile Loch Riach nuair a thug an Proibhinseal cuairt ar an mhainistir i mí Eanáir na bliana 1956. Ba seo an fear céanna, an tAth Seosamh Mac Giolla Choinnigh, a bhí ina uachtarán ar choláiste na gCairmiléiteach i gCorcaigh, an áit a deachaigh Mícheál ar an mheánscoil. Bhí ardú céime faighte aige anois, bhí sé anois ina Phroibhinseal in ord na gCairmilíteach, rud a chiallaigh go raibh údarás aige anois agus an chumhacht leis na sagairt a bhí sna Cairmiléitigh a athrú cibé áit a ba mhian leis ar fud an domhain. Thosaigh sé ag caint leo faoin Astráil agus ba seo an dóigh a chur sé in iúl do Mhícheál go raibh sé chun é a chur go dtí an Astráil. Dúirt sé le Mícheál i dtús báire go raibh dúshraith (foundation) úr a leagan ag na Cairmiléitigh i Perth ach dúirt sé leis nach gcuirfeadh sé é chuig dúshraith úr. Dúirt sé leis ansin ‘ ach má scríobhann tusa chuig Mr. Counahan, gníomhaire taistil (travel agent) i gCill Áirne socróidh sé pasáiste duit go Brisbane’. Ba seo an dóigh a chur sé in iúl do Mhícheál go raibh sé le dhul go dtí an Astráil. Cha raibh a leithéid de rud agus ceist a chur air, ‘ar mhaith leat nó ar Mícheál agus an tAthair Coen ag obair ar an fheirm i Varroville in aice le Sydney

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3