Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 10 James a ’ Bhrógáin St Columba. Tógadh an ‘St. Columba’ i mbádchlós Mhíobhaigh i lár na seascaidí, na blianta céanna leis an ‘Oliver Plunkett’. Bhí sí trí troithe déag agus fiche ar fhad agus rinne sí cuid mhór iascaireachta ar an chósta seo mar gur chaith sí saol fada ag iascaireacht portán fosta. I gcuideachta Chéarlaí John Nochaí ar an St. Columba bhí na fir seo ar feadh tréimhsí áirithe: James a’ Bhrógáin, Ros na Binne, Paidí Mac Giolla Bhríde (Fenny), Ceann na Leargaí, Wille Duffy agus Conchúr Duffy, Baile ‘n tSléibhe agus Micí Mac Pháidín (Micky John Enda) as Dumhaigh. An “ St. Columba ” Paidí Fenny Paidí Dhonnchaidh Mhícheáil Paidí Dhomhnaill Pride of Tirconail. Ba seo an bad a bhí ag muintir Shearlaí Sheimí (Mhic Laifeartaigh). Bhí John ag iascaireacht uirthi sna caogaidí agus ag tus na seascaidí agus ar an chriu a bhí leis bhí a mhac Neil (Neil Bhidí Ruaidh), Paidí Mac Giolla Bhríde (Paidí Dhonchaidh Mhícheail) agus Paidí Dhomhnail Mac Giolla Bhríde as an Ard Bhan. Níl cuimhne agam go raibh sí ag iascaireacht ag tus na seachtoidí. B ’ fheidir gur díoladh í. Neil Mac Laifeartaigh (Neil Bhidí Ruaidh)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3