Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 11 thairbhe seo bhíothas ag maru i bhfad níos mo bradan anois na mar maraíodh sna blianta roimhe sin agus cha raibh na hiascairí uilig ag cloí leis na rialacha ach an oiread maidir le fad na n - eangach de. Mar sin de cuireadh pleananna an Rialtais maidir le caomhnu (conservation) na mbradan as a riocht ar fad agus thosaigh an Rialtas de reir a cheile ag teannadh isteach. Cuireadh bru mor ar iascairí maidir leis na rialacha de go dtí sa deireadh narbh fhiu do iascairí a dhul sa toir ar na bradain ar chor ar bith. Ba e an deireadh a bhí le hiascaireacht na mbradan na gur cuireadh cosc iomlan lei. Ce go ndearfadh daoine gur usaid Rialtas na linne sin barraíocht den lamh laidir is cinnte gur chuir na hiascairí iad fhein lamh i mbas na hiascaireachta seo sa mheid is go ndearna siad neamhaird do chaomhnu na mbradan. D ’ imir saint na n - iascairí fhein pairt mhor, dar ndoighe. Buille mor a bhí ann do chursaí eacnamaíochta sa taobh seo tíre. Borradh agus Fás. Nuair a bhí iascaireacht na mbradan i mbarr a reime bhí suas le trí chead bad ag iascaireacht bradan o Fhanaid go Port Nua. Ta muid ag caint anseo ar bhadaí a bhí o ocht dtroigh deag ar fhad go trí fichead troigh no níos mo. Bhí bradain a dtabhairt i dtír i bFanaid, sna Dunaibh, i nDun Fionnachaidh, i Machaire Rabhartaigh, ar an Bhunbheag, in Arainn Mhor, i gCionn Caslach, in Ailt a ’ Chorrain, i bPort Nua agus as sin comh fada isteach leis na Cealla Beaga agus níl muid ag cur leithinis Inis Eoghain san aireamh anseo ar chor ar bith. Ma bhí ar an mhean 4 iascaire ar achan bhad ta muid ag caint ar 1,200 iascaire a bhíodh ag iascaireacht i Meitheamh agus Iul gan tracht ar an líon daoine a bhí a dhíth ar tír mor leis an iasc seo a laimhseail. Buntáistí d ’ Eacnamaíocht Iarthar Dhún na nGall. Ba mhor an bhuntaiste a bhí san iascaireacht seo d ’ eacnamaíocht bhailte costa na Contae seo. Ba Chomharchumann Ailt a ’ Chorrain a cheannaigh agus a laimhseail formhor na 13 Ó chlé, chun tosaigh tá Joe Bonner, Dinny Doney Owen (O ’ Donnell), Charlie McBride, Robert Sweeney, Pat the Cope, Paddy Sweeney agus Paddy Joe Forker. I lár tá Liam Reilly, James “ Big Ward ” the Post, Dom Sheila O ’ Donnell. Ar chúl: Ray Hamm, Charlie Sweeney, Big Jim O ’ Donnell (mac Dinny Doney Owen), Terry Boyle, John Mickie Nancy Bonner, Hughdie Hunt (National Photographic Archive, Tynan Collection).

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3