Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 16 Dinis Ó Gallachóir An ‘ Star of Meevagh ’ Ba seo an bad a thog Neaty Mac Laifeartaigh do Dinis O Gallchoir (Dinis Mhicí) thuas i Ramhros i 1971. Thosaigh an iascaireacht ag meath timpeall an ama seo de thairbhe go raibh an oiread sin badaí ag iascaireacht bradan i gcomparaid leis na blianta roimhe sin. Díoladh cuid mhaith de na badaí seo timpeall ar dheireadh na seachtoidí. Deireadh Ré. Ceann de na gearain mhora a bhí ann sna blianta deireanacha d'iascaireacht na mbradan na go raibh an cineal seo iascaireachta ag fagail a laghad sin bradan sna haibhneacha. Chan inniu no inne a cuireadh cosc ar iascaireacht na mbradan ach an bhfuil meadu mor tagtha ar líon na mbradan sna haibhneacha? Cha shílim go bhfuil athru ar bith. Tathar ag cur an locht anois ar na ronta (seals) as siocair líon na mbradan sna haibhneacha a bheith chomh híseal sin, ach nach raibh na ronta i gconaí ansin? Ghlacfadh na saineolaithe (experts) amharc arís! Bhuel cibe aige a bhí an ceart no cibe air a bhí an locht d ’ eirigh leis an chosc seo a cuireadh ar iascaireacht na mbradan na milliun euro a bhaint amach as an saol eacnamaíochta sa taobh seo tíre agus ta bunus na gceidheanna ar chosta Iarthar Thír Chonaill sa la ata inniu ann fagtha fuar folamh agus gan a dhath le cloisteail orthu ach screadach uaigneach ocrach na bhfaoileog. Bhí na fir seo ar an chead chriu a bhí ar an bhad “ The Girl Afric ” a thog P. O Sibhleain. An “ Girl Afric ” John Lynagh Micí Ó Sibhleáin Peter Ó Sibhleáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3