Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 17 Scairt mé isteach chuig Mary Ann agus Bridget Bradley cúpla bliain ó shin sna Dúnaibh agus cé a bhí istigh acu ach a dtuismitheoirí Jimmy agus Nellie, go ndéana Dia a mhaith ar an bheirt acu. Sular pósadh iad, bhí Jimmy ag obair san Afraic Theas agus i Meiriceá Láir agus bhí Nellie ag obair i Londain. Cé go raibh na mílte eatarthu, choinnigh siad i dteagmháil lena chéile le litreacha agus cártaí poist agus chríochnaigh an bheirt acu suas sna Stáit Aontaithe agus pósadh iad in New Jersey. Saor brící a bhí in Jimmy i rith a shaoil. I 1977, i ndiaidh dóibh tríocha bliain nó mar sin a chaitheamh i Meiriceá agus teaghlach a thógáil ann, thug siad aghaidh ar na Dúnaibh arís agus cheannaigh siad teach leaba agus bricfeasta i lár an bhaile agus chuaigh Nellie i gcionn oibre. Thug sí traenáil mhaith dá cuid páistí óga na chéad blianta sin agus tá a rian orthu mar go bhfuil gnó maith a reáchtáil ag Mary Ann agus Bridget i rith na bliana anois. Cé gur chaith Jimmy na blianta ar shiúl, bhí sé le feiceáil air nár chaill sé ceird na scéalaíochta a bhí aige ó dhúchas. D ’ inis sé scéal amháin an lá sin a d ’ fhág mise le fonn gáirí orm fada go leor ina dhiaidh sin agus seo mar a chuaigh sé: Bhí deartháir do Jimmy a raibh Micí air agus bhí sé ar fostú i bhFánaid bliain amháin. Is dócha go mbeadh an feirmeoir seo greannmhar sa lá inniu ann mar go raibh gunna ag taobh na leapa aige san oíche, ach ar an drochuair, b ’ fhéidir nach mbeadh. Bhí obair chrua agus laethanta fada oibre le déanamh ag Micí agus gan barraíocht ama aige do féin. Mhúscail an feirmeoir é oíche dhorcha amháin i lár na hoíche agus thug é trasna na gcuibhreann chuig úllord (orchard) dhuine de na comharsan. Thóg an feirmeoir Micí in airde ar chrann leis na húlla a fháil. Líon siad cúpla sac de na húlla agus is ar éigean a bhí siad ábalta iad a iompar ar ais na bhaile. Ar fhilleadh dóibh, thug an feirmeoir cúpla úll do Mhicí agus d ’ iarr sé air imeacht leis a luí. Bhí a fhios ag Micí nach raibh an feirmeoir iontach ionraice más seo an seort siúil a bhí air agus choinnigh sé súil ghéar ar chaidé a bhí le theacht. Nellie & Jimmy Bradley lá a bpósta F OSTÚ

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3