Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 18 Chuaigh an feirmeoir siar chuig an chruach mhóna agus tharraing sé amach go leor móna aisti le poll a dhéanamh agus líon sé leis na saic úlla é agus chóirigh sé an chruach suas arís mar a bhí sí. Nuair a bhí achan seort socair agus an feirmeoir ina chodladh arís, amach le Micí agus fuair na saic agus thug sé iad siar go cúl an tí agus in airde ar chrann agus d ’ fholaigh sé iad ann. Chaith Micí cúpla úll leath ite ar an talamh agus thug sé cic maith don chruach sa dóigh nach bhfágfaí an milleán air. Maidin lá arna mhárach, chuala Micí an ruaille buaille amuigh sa bhóitheach. Ar shroicheadh an bhóithigh dó, chuala sé an feirmeoir ag mallachtaí ar an asal agus chonaic sé é ag tabhairt corr chic dó. Bhí an súiche sa phota ach bhí Micí sásta nach raibh an mhéar airsean. An tráthnóna sin, nuair a bhí achan rud socraithe síos agus lá eile oibre déanta ag Micí, suas leis ar an chrann agus d ’ ith sé cúpla úll. Bhí suaimhneas agus sólás aige thuas ansin cé go raibh an asal bocht ar a intinn aige. Ach choinnigh Micí ar shiúil ón asal go ceann fada ina dhiaidh sin ar eagla go dtabharfadh sé corr chic ar ais dó. Fia Ann C ARRAIG A IRT D’inis a athair do Dinis Dhonnchaidh Mhicheáil (Donnchadh Mac Giolla Bhríde) as Cluain tSaileach fan dóigh a fuair Carraig Airt a ainm agus seo mar a chuaigh an scéal: Bhí teach ceann tuí i gCarraig Airt in am amháin, timpeall na háite ina bhfuil an bhialann ShangHai Palace anois, agus bhí fear ina chónaí ann darbh ainm Tommy Logue. Bhí Tommy ag obair leis an Chomhairle Contae in am amháin ag bleaisteáil agus mar a chuaigh an scéal, shéid rud éigin suas ina aghaidh agus chaill sé amharc na súl. Ar chúl an tí sin bhí carraig agus sa droch-am, thiocfadh fear darbh ainm Art go dtí an charraig sin agus pota mór bracháin leis le rann ar dhuine ar bith a raibh ocras air. Art an Bhracháin a tugadh air agus mar gheall ar seo tugadh Carraig Airt ar an cheantar. Tá tagairt ghairid déanta fosta ag Seán Ó Sidheáil ón Ard Bán Uachtarach (John a’ Spioraí as Baile an tSléibhe) sa bhailiúchán i Roinn an Bhéaloidis i mBaile Átha Cliath in Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) 694: 439 fan fhear seo darbh ainm Art a rachadh go dtí an charraig sin agus gur tugadh Carraig Airt ar an bhaile ina dhiaidh. C LUAIN T S AILEACH D’inis Donnchadh dom scéal beag eile a fuair sé óna athair fá Chluain tSaileach: Tugadh Baile na Creige ar an Bhaile Thoir i gCluain tSaileach in am amháin. Bhí ceithre theach ann, tigh Bhrinie Thuathail, tigh Dhonnchaidh Shéarlaí, faoi sin bhí tigh Dhonnchaidh Mhicheáil agus ag taobh tigh Dhonnchaidh Shéarlaí bhí bean ann i dteach ceann tuí darbh ainm Peigí Mhicí. Nuair Logainmneacha * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3