Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 19 a d’fhág Peigí Baile na Creige le dhul go hAlbain, thug sí brainse de sceach gheal léi ó Gharrthadh na gCruach a bhí ag taobh an tí. Chonaic Donnchadh í nuair a tháinig sí ar ais ar cuairt le dhá iníon dá cuid agus d’fhan sí thiar tigh Phaidí Mhóir ar an Bhaile Thiar. Mac Giolla Bhríde an sloinneadh a bhí orthu uilig i mBaile na Creige. Ba ghnáth le muintir an Bhaile Thiar, an áit ina bhfuil an teach tábhairne an Sibín Cheoil anois, an Baile Thoir a thabhairt ar Bhaile na Creige agus thug muintir na Cloiche Báine an Baile Uachtarach orthu. Shínigh an baile níos faide soir le tamall anuas le tithe úra san áit ina raibh Andy Rua ina chónaí leis féin agus is dócha go bhféadfaí an Baile Lár a thabhairt ar Bhaile na Creige anois agus an Baile Thoir a thabhairt orthusan. Á TH AN D Á C HORR (A GHADACHOR ) Bhí scéal beag eile ag Seán Ó Sidheáil ón Ard Bán Uachtarach sa bhailiúchán i Roinn an Bhéaloidis i mBaile Átha Cliath in CBÉ 694: 439-440 fan dóigh a fuair Áth an Dá Chorr a ainm: Ba ghnách le daoine dul amach ar na hoitreacha chun corra (ghainimh) a fháil fá choinne baoití d’iascaireacht líontaí. Lá amháin chuaigh fear amach ar Oitir na gCorr fá choinne corr thuas idir an Bhearnaí Mhór agus Droichead an Leacaigh i gCuan na Long agus ar an bhealach ar ais dó cuireadh an cheist air an raibh mórán corr leis agus d’fhreagair sé, “Níl a dhath ach a’ dá chorr”. Sin mar a tugadh Áth an Dá Chorr ar an bhaile fearann sin. Insíonn Seán fosta gur báitheadh scaifte a bhí amuigh oíche amháin ar Oitir na gCorr nuair nach bhfaca siad an líonadh ag teacht thart fá dtaobh dóibh. A N G ARRTHADH D’inis Donnchadh dom fosta go raibh píosa farraige amach idir barr an Mhill Mhóir agus barr an Chorráin (Corrán Binne) agus bhí go leor haideogaí (cadóga) le fáil ann agus thug na hiascairí an Garrthadh air. Fia Ann Seo pictiúr de Bhaile na Creige sa lá inniu ann.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3