Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 2 Iascaireacht Bradán i gCuracha. Bhí iascaireacht na mbradan thar a bheith tabhachtach do cheantar Ros Goill agus leoga do chosta Dhun na nGall o cuireadh tus leis an iascaireacht seo na cianta o shin, ach cad e chomh fada siar agus a theann iascaireacht na mbradan níl muid cinnte. Ta me ag caint anseo faoi iascaireacht le sruthlíonta (driftnets). Níl moran eolais na fianaise againn ar dearnadh moran iascaireacht bradan sna curacha ach caithfear glacadh leis go raibh an iascaireacht seo ar siul sna curacha fosta mar gur seo an chead chineal bad a bhí ag na daoine thart ar an chosta. Is cinnte go raibh siad ag iascaireacht bradan san am a raibh na badaí Zulu acu ce gur iascaireacht scadan a bhí ar siul acusan. Luann Pat Conaghan ina leabhar ‘ The Zulu fishermen ’, ‘........... The Summer of 1906 was a stormy one and the salmon boats at Downings were often confined to port. On 29 th June the boats put to sea but had to return because of the bad conditions ’. Níl muid cinnte an raibh curacha no skiffs i gceist nuair a luann se ‘ boats ’. D ’ fheadfadh se go raibh an da chineal badaí ag iascaireacht na mbradan ag an am. Bhí sceal beag leis an chuntas seo fosta, ait a deachaigh fear amhain as Dumhaigh amach ina churach, go deachaigh se trí mhíle i bhfarraige sular chuir se a chuid eangach agus ba seo i dtratha 1.30am, d ’ fhag se iad ag iascaireacht ar feadh leathuaire agus nuair a thog se iad isteach arís bhí cur an - mhor bradan leis – 150 bradan ar fad. Caithfidh me ra go mbeadh se thar a bheith doiligh ag fear amhain an obair sin ar fad a dheanamh i gcurach le linn gala gaoithe. Ta seo cosuil le sceal ar cuireadh craiceann maith air. Ach san am cheanna bheireann se baruil duinn go raibh iascaireacht na mbradan ag dul ar aghaidh i gcuracha siar go maith sa naou cead deag. Tábhacht na mBradán. Ach cibe cad e chomh fada siar is a theann iascaireacht na mbradan sa cheantar seo no i gceantar ar bith eile sa Chontae níl amhras ar bith faoin tabhacht a bhain leo. Bhí, ar an mhean, ceathrar de chriu ar achan bhad agus d ’ fhag seo cuid mhor teaghlach ar tharraing an iascaireacht seo iad amach as poll na hainnise go minic. Ba iascaireacht oíche a bhí ann o thus agus ba eangacha dorcha a bhí a n - usaid. Bhí se tabhachtach fosta go mbeadh bogadh measartha san fharraige sa doigh is nach bhfeicfeadh na bradain mogaill na n - eangach. Cha raibh maith ar bith in oíche chiuin mar nach raibh se furasta dallamullog a chur ar na bradain! Mar sin de, i dtaca le hiascaireacht na mbradan de, cha raibh maith ar bith in oíche a bhí rogharbh na rochiuin. Is cuimhin liom ag dul ar ais go dtí na caogaidí agus na seascaidí agus muid ag eirí aníos, go mbeadh an cur bradan a bhíodh leis na badaí i ndiaidh oíche iascaireachta ar bharr a dteangaigh ag daoine la arna mharach. Ag Ullmhú. Thosaíodh an t - ullmhuchan d ’ iascaireacht na mbradan go luath i mí na Bealtaine. Bhíodh cuid mhaith de na badaí ar an chladach i Lag na hUillinne le linn an Gheimhridh. Anois bhí siad le glanadh, le scríobadh agus le peinteail agus lena chois sin bhí an t - inneall le scrudu lena chinntiu go raibh bail cheart air le haghaidh a thabhairt ar an fharraige mhor. Cuireadh tus leis an iascaireacht ag tus Mí Meithimh. D ’ imíodh na hiascairí ‘ na farraige i dtratha leath i ndiaidh seacht trathnona, ceann i ndiaidh an cheann eile síos an bhaighe. Bhí oícheanta a mbíodh na hiascairí ar an cheidhe agus nach mbeifí cinnte ce acu rachadh siad amach no nach dteadh de thairbhe comharthaí aimsire de no tuar na haimsire, ba ghnach leo seasacht agus a dtoin le balla na ceidhe. Da mbogfadh fear amhain acu agus leimint isteach ina bhad agus a inneall a chur ar siul bheadh rasa leis an chuid eile acu o bhalla na ceidhe agus isteach ina gcuid badaí leofa, char mhaith leo go mbeadh buntaiste ag duine ar bith orthu! Bhí amanna a dteadh siad leathbealaigh agus thiontodh an aimsir iad ar ais. Tuairim is míle no mar sin amach on chosta thuaidh idir Barr a ’ Chorrain agus Ceann Fhanada a bhíodh badaí Ros Goill agus Fhanada ag iascaireacht. Nuair a roghnodh an scipeir 4
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3