Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 20 S EÁN Ó H E OCHAIDH AG CAINT FAOI C HEARRBHACHAS . Baineann cearrbhachas le fear a imríos cártaí ach tá cearrbhachas de chineál eile ann fosta, d’fhéadfá a rá an té a chaitheas airgead ar chineál ar bith dóigh den tsórt gur cearrbhach atá ann, gambler go díreach. Deirtear gur san Áis a thosaigh na cártaí agus gur uaidh na giobóga (gypsies) a chur na hArabaigh eolas orthu. Tá na chéad chuntais stairiúla le fáil orthu san Iodáil ina dhi- aidh sin agus sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin. Deirtear gur dathaíodh na chéad chártaí san Iodáil sa bhliain 1299 agus gur sa Fhrainc a cumadh na pictiúirí atá orthu san am i láthair i dtrátha na bliana 1450. De réir na gcuntas bhí eolas ag beagán duine i Sasana ar chártaí i lár na tríú aoise déag ach níl fhios againn go cinnte cén uair a tháinig siad go hÉirinn. Ach ar ndóigh bhí muintir na hÉireann i gcónaí siúlach ach ní amháin le cúrsaí cártaí agus rudaí eile, bhí siad ag tabhairt nósa agus béasaí agus achan rud eile leofa as na tíortha seo a raibh siad iontu agus a raibh siad ag teacht agus ag imeacht iontu. Rud eile, bhí siad drabhlásach fosta. Mheasfainn de bharr na dúile a bhí acu sa chearrbhachas nach mbeadh siad fuar ná falsa ag cur aithne ar an chluiche úr seo. Anois caithfidhse gur fhás i measc ár gcine caitheamh aimsire na gcártaí, tá sin le feiceáil go soiléir againn i seanscéalta agus i bhfilíocht. Is minic ab éigean do ghaiscíoch óg iníon Rí a bhaint ar na cártaí, is minic a chaill sé í fosta. De réir na seanscéalta d’imríodh siad, bhainfeadh siad agus chaillfeadh siad dúiche ar na cártaí. Is minic mé ag smaoineamh go mbfhéidir go raibh cártaí luaite i mbéaloideas na tíre seo i bhfad sula raibh mórán eolais orthu ar chor ar bith ag daoine. Ar ndóighe tá sé le feiceáil gur lean siad casán an bhéaloideasa, go háirithe cuid na seanscéalta de. Tá dornán maith seanfhocal ag baint leis na cártaí fosta agus sílim gur sin rud nach bhfuil le fáil i dtaobh caitheamh aimsire ar bith eile. Leabhar Urnaí an Diabhail. Tá daoine go dtí an lá inniu a bheir leabhar urnaí an diabhail ar na cártaí. Bhí agus tá go fóill mórán nósa agus pisreoga a bhaineas leis na cártaí. Tá daoine ann, cur i gcás, nach rachadh amach thar an doras i ndiaidh na hoíche le paca cártaí gan iad a bheith báite, sé sin dhá leath déanta de pháca na gcártaí agus aghaidh a aon a hartais agus aghaidh sruth nó spáide a bheith buailte ar a chéile ar eagla go dtiocfadh an diabhal amach, an té a mbíonn na cártaí báite leis ina phóca cha dtig le spiorad ar bith baint de. Ainmneacha na gcártaí. Ní hionann na cártaí a n-imríonn sinne leo agus na cártaí a n-imríonn siad leofa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3