Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 21 ar Mhór-Roinn na hEorpa cuir i gcás, tá pictiúirí galánta ar na cártaí sna tíortha sin. Ach sa tír seo againne tá caoga is a dó cárta agus tá an dá cheann déag agus daichead sin roinnte ina gceithre coda. Trí ceann déag de Hartais, trí ceann déag de Spéar nó Spádaí mar a deir siad anseo, trí ceann déag de Mhuilleata (diamonds) agus trí ceann déag de Thriuf (clubs), sin an dá cheann déag agus daichead. Sé an cluiche is coitianta san am i láthair fán taobh seo tíre as seo siar go Gleann Cholm Cille agus as sin go Ceann Mhálanna ná cúig fichid. Ba ghnách leis na seandaoine rá go raibh an cúig déag agus fiche níos coitianta sa tseanam ná an cúig fichid agus chuir mé ceist orthu cén fáth ina dtuairim a raibh sin amhlaidh agus ‘sé an freagra a thug siad domh ná go raibh na pingeacha an-ghann san am a bhfuil mé trácht air agus ní raibh ann ach pingeacha agus leathphingeacha a bhíothas a imirt san am sin, i rith oíche Gheimhridh cha raibh ann ach cúpla pingin. Agus bhí an t-airgead chomh gann gur mhaith leo fad a bhaint as na cúpla pingin a bhí acu agus gur sin an fáth a n-imríodh siad an cluiche fada cúig déag agus fiche. Nuair a d’éirigh an t -airgead níos fairsinge agus rud beag níos mó ag achan duine ghiorraigh siad an cluiche go dtí cúig fichid. San am a bhfuil mé ag trácht air fiú ní raibh airgead ar bith le himirt ag cuid acu agus d’imríodh siad cnaipí agus tá sin i mbéal na ndaoine go fóill, gheobhaidh tú i mbéal na ndaoine agus sa chaint é. Duine ar bith atá ina an-droch chearrbhach deirtear fá dtaobh de nach n-imreodh sé cnaipí. Agus sin an fáth a n-imríodh siad cnaipí sa tseanam agus caithfidh mé rá gur iomaí gasúr a d’éirigh ar maidin agus nuair a rug sé ar a bhrístí lena gcur air chaithfeadhse giota chorda nó giota dhorga a theannadh ar a chaolas i ndiaidh na cnaipí a imirt óna bhrístí an oíche roimhe sin. Ghearrtaí na cnaipí de na brístí agus ní amháin go ngearrfadh gasúraí a gcuid fhéin ach ghearrfadh siad cuid a ndeartháireacha dá bhfaigheadh siad lámh ar a gcuid brístí, ní raibh rud ar bith eile ag na créatúir le himirt. Bhuel ansin tosaíodh a imirt mórán rudaí eile, ní amháin pingeacha agus scillingeacha ach fríd an tír anseo agus creidim go bhfuil sé coitianta ar fud na tíre go huile, gur ghnách le daoine éanlaith a imirt – cur i gcás géacha agus turcaithe, lachain agus cearca agus achan rud mar sin roimhe Nollaig. Bhuel ansin ma bhíonn rud ar bith eile ag dul, má tá traidhfil airgid le cruinniú do chúis ar bith imreoidh siad péire bróg nó geansaí nó rud ar bith mar sin le dornán airgid a dhéanamh. An Diabhal agus na Cártaí. Ba mhaith liom tagairt don bhaint ba léar le daoine a bheith idir an diabhal agus na cártaí. Tá an-mhórán scéalta fá chearrbhaigh a bhí ag teacht abhaile go mall san oíche. Ar thaobh an bhealaigh mhóir nó in áit scoite inteacht bhíodh an boc seo ina shuí agus tábla nó clár imeartha aige agus paca cártaí aige agus solas. D’iarrfadh sé ar an duine seo, an cearrbhach drabhlásach seo, suí síos agus cluiche cártaí a imirt leis, cé gur mhinic ins na scéalta nach mbíodh fonn mór orthu fán am sin oíche sin a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3