Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 22 dhéanamh. Mheallfadh an boc seo iad agus bhéarfadh sé orthu suí síos agus thosódh an imirt ansin. Agus ba é an deireadh a bhíodh ar an imirt ná go mbainfeadh an diabhal agus ansin bhí an súiche sa bhrachán nuair a bhuailfeadh an diabhal an té a mbíodh sé ag imirt leis. Bhí an t-anam díolta aige agus bhí cuid mhór rudaí le déanamh leis an anam a shaoradh agus leis fhéin a shaoradh. Bhí cuid mhór rudaí eile ag baint leis na cártaí mar sin, pisreogaí agus a leithéidí, cur i gcás ag baint le hádh agus mí-ádh, na rudaí aisteacha ba ghnách le daoine a dhéanamh agus a ní daoine go fóill agus iad amuigh fán tír anseo agus iad ag imirt cluiche cúig fichid. Is gnách gur ochtar a bhíos sa scoil agus imríonn siad mar chomrádaithe, ceithre phéire. In amanna dá mbeadh droch- ádh ar fhear, is minic a chonaic mé é ag éirí agus ag breith ar an chathaoir a raibh sé ina shuí uirthi agus ag siúl thart uirthi in éadan na gréine thart timpeall na cathaoireach ag déanamh go n-athródh sin an t-ádh air. Agus mar a gcéanna athróidh comrádaí ó chathaoir go cathaoir, éireoidh comrádaí atá ar thaobh amháin de chlár na himeartha agus rachaidh sé go dtí an taobh eile áit a bhfuil a chomrádaí agus athróidh siad na suíocháin a bhfuil siad ina suí orthu. Tá mórán rudaí eile amaideacha a mbíonn siad ag trácht air, tá tom bán an ghiorria, sin giota beag de ruball giorria. Gí go bhfuil mórán pisreog ag baint leis an ghiorria fhéin ba léar le daoine an té a mbíodh sin ar iompar acu ina bpóca, go mbeadh an t-ádh air. Go minic na cearrbhaigh sa tseanam nuair a bheadh siad ag dul fhad le hoíche chearrbhachais d’iompródh siad ceann acu sin ina bpóca leis an t-ádh a chur orthu. Bhí na cruicéid an-fhairsing sa tseanam, seo sular athraigh na tithe nuair a bhí tine ar an teallach agus tréan fairsinge acu thart fá na tinteacha. Bhí siad ag preabadaigh thart fán tine, bhí go maidin go minic. Is iomaí duine acu nach bhfaca ceann ariamh acu, duine ar bith a tháinig ar an tsaol le cúig bliana is fiche, sin an tréimhse ama is mó a dtáinig athrú ar na tithe. Roimhe sin bhí cuid mhór tithe ceann tuí fríd a tír achan bhealach agus bhí na tinteacha ar an teallach. Bhí poill thall is abhus, aol a bhí ar na ballaí i gcuid mhór de na tithe seo agus bhí sé an-fhurasta poll a dhéanamh fríd an aol ach an uair a tháinig an stroighin ba deacair don chruicéad bhocht a dhul fríd níos mó agus amháin a chuaigh na soirn isteach ins na tithe úra, chuir sin an tóir ar na cruicéid, char mhothaigh mé cheann acu le deich mbliana anois. Ádh agus Mí-ádh. Tá an-ádh cártaí air a déarfaí fá fhear a bheadh ag fáil cártaí maithe agus é ag imirt cluiche. Tá an t- ádh ‘na rith air, ‘sé sin is cuma cad é dhéanfas fear bíonn an t-ádh air. Deirtear cé go n-abráitear é fá níos mó ná fá chártaí, an té a mbíonn an t-ádh air beireann na ba agus na bológa aige, ‘sé sin is cuma dó muna bhfuil lámh mhaith chártaí aige má tá an t-ádh air gheobhaidh sé cúig le seanrud nach bhfaigheadh duine ar bith eile ach é fhéin. Mar sin baintear feidhm as an abairt sin don té a mbíonn ádh air – beireann na ba agus na bológa aige.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3