Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 23 C RUTHAÍONN B RÉAG B RÉAGA Cuireadh an Dráma “Cruthaíonn Bréag Bréaga” ar an ardán don uair dheireanach i gColáiste Ros Goill ar an Déardaoin an 15ú Meitheamh. Bhí slua mór de mhuintir na háite agus dar ndóighe daoine ó cheantracha eile i láthair. Thaitin an dráma go mór leis an lucht féachana agus bhain achan duine sult as an oíche. Ba é seo an ceathrú bliain déag i ndiaidh a chéile a chuir Aisteoirí Mhíobhaigh dráma fada ar an ardán agus is mór an chúis bhróid é sin dóibh. Ba Chéim Aniar a chur Aisteoirí Mhíobhaigh ar bun sa bhliain 2003 agus chuaigh siad chuig an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i 2004 don chéad uair leis an Dráma ‘Fear an Gheafta’. Cháiligh siad don Fhéile Náisiúnta achan bhliain ó shin. Is compántas siúlta é Aisteoirí Mhíobhaigh mar tá drámaí curtha i láthair acu i nGlaschú (Halla Langside 2007 agus 2008), i nDoire (Coláiste Mhic Aoidh 2011 agus Carn Tóchair 2014), i dTír Eoghain (An tSráth Bán 2011), i mBéal Feirste (An Chultúrlann 2004), i gContae na Mí (Rath Cairn 2004, 2009 agus 2010), i mBaile Átha Cliath (Halla na Múinteoirí 2009 agus 2010), i gCorcaigh (Cúil Aodha 2014), i gCiarraí (Halla na Feothanaí 2004, 2005 agus 2010), i Luimneach (2008), i nGaillimh (An Cheathrú Rua 2005, 2006 agus 2007), An Spideál 2006, 2011, 2013, 2015, 2016 agus 2017), Baile Locha Riabhach 2009), i Maigh Eo (Caisleán an Bharraigh 2010), i dTír Chonaill (Fanaid, 2011, Rann Na Feirste 2010 agus 2012, Gaoth Dobhair 2004, 2008 agus 2017, An Ghrianán, Litir Ceanainn 2015 agus 2016, Gort an Choirce 2015), Oileán Thoraí 2004, 2016 agus 2017), agus sna Dúnaibh achan bhliain ó 2004 go 2017. Chomh maith leis na drámaí fada, déanann Aisteoirí Mhíobhaigh drámaí gairide agus sceitsí do na hoícheanta Gaelacha a eagraíonn Céim Aniar i gceantar na nDúnaibh. Chuaigh siad go hOileán Thoraí cúpla uair le drámaí gairide chomh maith. Bhí an dráma ‘Cruthaíonn Bréag Bréaga’ bunaithe ar an téama smuigleáil drugaí. Cé gur ábhar trom go leor atá sna drugaí sa lá atá inniu ann, is dráma dúghrinn é an dráma seo agus amharcann sé ar shaol an chúpla Anton agus Rachael Mac Laifeartaigh. Chaill Anton achan phingin dá raibh aige nuair a thit an tóin as an Tíogar Ceilteach agus anois tá a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3