Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 24 theach i gcontúirt. Tá an banc ag iarraidh ochtó míle uaidh go práinneach agus níl a fhios ag Anton cad é atá sé dul a dhéanamh. Níl a bhean chéile Rachael sásta leis ar chor ar bith agus tá sí ag cur brú air dul ar ais chuig a chara Cathal leis an airgead seo a fháil. Bhí Cathal mar pháirtnéir ag Anton ar feadh blianta i ngnó a chur Anton ar bun agus cheannaigh sé scair Anton uaidh. Cha dtug sé an luach ceart dó ar an scair sin, choinnigh sé ochtó míle siar mar bhí a fhios aige go mbeadh ar Anton theacht ar ais chuige fá choinne an airgid. ‘Sé smuigléirí drugaí atá i gCathal agus a chara, an Dochtúir Gearóid Ó Maoileáin, agus tá siad ag iarraidh duine inteacht (miúil) a fháil leis an chocaine a thabhairt isteach ó Amsterdam dófa. Cruthaíonn na smuigléirí plean sa dóigh is go bhfaighidh siad fear, fear mar Anton a bhfuil an saol ina luí go trom air, le miúil a dhéa- namh dóibh. Gheobhann Cathal an dochtúir Ó Maoileáin le cur ina luí ar Anton go bhfuil sé ag fáil bháis. Tá Anton bocht faoi bhrú i dtaca le- na mhorgáiste de agus sa deireadh d’aontaigh sé le Cathal go ndéanfadh sé miúil drugaí dó. Tá sé ar intinn ag Cathal Anton a mharú nuair a bheas sé réidh leis ach faigheann Anton amach óna bhean chéile, Rachael, gur seo an plean atá ag Cathal agus téann sé i mbun oibre le díoltas a fháil do fhéin. Tá 6 Radharc sa dráma agus tá sé suite áit éigin i dTír Chonaill sa lá atá inniu ann, den chuid is mó ach, tarlaíonn Ra- dharc 5 in Amsterdam. Is dráma atá ann a léiríonn saint, éad, míthrócaire agus díoltas. Bhain an dráma seo trí ghradam ag an Fhéile Náisiúnta sa Spidéal i gContae na Gaillimhe ag deireadh mí Aibreán - Gradam Aisteoireachta do Shíle Ní Fhrighil agus do Aodh Mac Laifeartaigh agus gradam Scríbhneoireachta do Phroinsias Ó Cuilinn. Cuireadh an dráma seo i láthair san Amharclann úr i nGaoth Dobhair ar an Aoine, 19ú Bealtaine agus i gColáiste Ros Goill ar an 15ú Meitheamh. Níl sé furasta drámaí mar seo a chur ar an ardán agus tá an t-uafás oibre i gceist le sin a bhaint amach. Tosaíonn na cleachtaithe ag tús Mí Eanáir agus leanann siad ar aghaidh go dtí go bhfuil an léiriú deireanach déanta. Cé go bhfuil an Fhéile Náisiúnta i gcónaí ag deireadh Mí Aibreáin/tús Mí na Bealtaine leanann Aisteoirí Mhíobhaigh ar aghaidh ag cur feabhais ar an dráma go dtí go gcuireann siad an léiriú deireanach ar an ardán do mhuintir na nDúnaibh. Gan tiomantas céad faoin gcéad agus dílseacht iomlán na n-aisteoirí cha dtarlódh drámaíocht ar bith sa cheantar. Tá Céim Aniar iontach bródúil as an obair a níonn Aisteoirí Mhíobhaigh agus tá siad iontach buíoch do na haisteoirí uilig a ghlacann páirt sna drámaí agus fosta dóibh sin a chuidíonn cúl stáitse bliain i ndiaidh bliana.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3