Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 28 Girseachaí Faoi 14 Bhí bliain stairiúil ag Foireann Girseachaí Faoi 14 nuair a bhain siad Craobh an Chontae 'A' don chéad uair riamh i mí an Mheithimh i mbliana. Ghlac siad páirt in Roinn a hAon Faoi 14 agus d'imir siad cluichí in éadan Na gCealla Beaga, Aodh Ruadh (Béal Átha Seanaigh), An Tearmainn, Naomh Adhamhnáin, Ard a'Rátha, Naomh Conaill (Na Gleanntaí) agus Naomh Naille. Bhain girseachaí Na nDúnaibh na cluichí seo uilig agus chríochnaigh siad sa chéad áit Roinn a hAon. D'imir said in éadan an Tearmainn sa chluiche leathcheannais sna Dúnaibh agus bhain siad an chluiche sin le toradh breá láidir. D'imir siad cluiche ceannais an chontae in éadan Aodh Ruadh (Béal Átha Seanaigh) i bPáirc Sheán Mac Cumhaill, Bealach Féich ar an Sathairn, 17ú Meitheamh. Lá breá, grianmhar a bhí ann agus is iad girseachaí Aodh Ruadh a fuair an chéad dá phointe. Ach d'fhreagair girseachaí na nDúnaibh le cúl galánta agus 'siad girseachaí na nDúnaibh a bhí chun tosaigh ag leath ama. Sa dara leath fuair girseachaí na nDúnaibh cúpla cúl iontach agus d'obair siad go crua go dtí an deireadh. B ’ é an scór ag deireadh ná: Na Dúnaibh 4 - 09 Aodh Ruadh 0 - 16. Seo ócáid iontach mhór do pharóiste beag tuaithe agus rinne na girseachaí seo obair mhór i rith na bliana chun an teideal seo a bhaint amach. Tá muid iontach broidúil asaibh a ghirseachaí - maith sibh!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3