Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 3 Seo bád mhuintir Hughie Den ‘ An Pride of Dooey ’ amuigh i mbáighe Dhumhcha. Bhí Hughie Den Mac Laifeartaigh é fhéin ag iascaireacht ar an bhád seo go dtí go bhfuair sé bás i 1955. Bhí a mhac Charlie Bán ina scipéir ar an bhád ina dhiaidh sin agus chaith Donchadh Hughie Den agus Neaty Hughie Den sealanna ar an bhád fosta chomh maith le fear a iníonach Marcas Beag Mac Laifeartaigh, Pádraig Ó Siadhail ( ), as an Ard Bhán, Johnnie Ó Luodhóg, as Dún Dumháin. Díoladh an ‘ Pride of Dooey ’ agus tógadh bád úr ag tús na seachtóidí, sin an ‘ St.Stephen ’. Ba Neaty Mac Laifeartaigh a thóg an bád úr seo thuas i Ramhros, áit a raibh sé ag tógáil bádaí ag an am. Chaith Peadar Ó Sibhleáin, (Peter Stephen) agus Tony Ó Gallchóir (Tony Den Antoin) tréimhsí ar an St. Stephen fosta. Díoladh an ‘ St Stephen ’ go Cionn Caslach sa bhliain 1977. An ‘ Pride of Dooey ’ Donchadh Hughie Den agus a athair Hughie Den ag iascaireacht ar an “ Pride of Dooey ”. Charlie Mac Laifeartaigh Peadar Ó Sibhleáin Marcas Beag Mac Laifeartaigh Neaty Mac Laifeartaigh Johnny Ó Luadhóg Pádraig John Phaidí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3