Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 4 ca raibh na heangacha le bheith curtha choinneofaí an bad ag bogadaí thart lena chinntiu nach raibh bad ar bith eile ro - chongarach, ansin chuirtí na heangacha le titim na hoíche. Bhíodh na hiascairí ag coinneail suil ghear ar a cheile amuigh ar an fharraige mhor, caithfidh me ra nach raibh moran iontaoibhe na muinín acu as a cheile! Is cinnte go raibh se tabhachtach nach mbeadh a gcuid eangach curtha ag bad ar bith rochongarach ar an taobh thoir de bhad ar bith eile. Ach tharla se minic go leor. Theadh neart rogaireachta na hoíche. B ’ fheidir gur díoltas a bhí ann in amanna! B ’ iomaí achrann, racan, íde beil agus croitheadh dornaí a bhíodh ann nuair a bhrisfeadh spearthaí ‘ n lae agus go bhfeicfeadh criu go raibh bad eigin eile sínte leo ar an taobh thoir. Bheadh an suiche sa bhrachan. Ba on taobh seo a bhíodh na bradain a ’ bualadh agus da mbeadh eangacha curtha rochongarach duit ar an taobh sin bheifea ag tarraingt isteach eangacha fliucha folmha. Cha raibh a dhath a d ’ fhagadh oiread lagmhisnigh agus feirge sna hiascairí na a bheith ag tarraingt isteach eangacha folmha siocair bad inteacht a bheith sínte leo. Na hÉanacha Farraige. Thogtaí na heangacha le teacht a ’ lae agus bhíodh na badaí istigh fan cheidhe go luath ar maidin. Cha raibh moran deacrachtaí le bheith ag cur no ag tarraingt isteach eangacha, bhíodh siad furasta go leor a thogail isteach da mbeadh neart bradan iontu! Bhí rud amhain a d ’ fhagadh togail na n - eangach deacair agus míshasta agus ba sin nuair a bhíodh siad lan d ’ eanacha mara. Ba mhinic a bhíodh an sceal mar seo da mbeadh na heangacha curtha rochongarch do Chorran Binne, bhí na Puffins agus na Forachain (guillemots) fairsing fan Chorran agus nuair a bhíodh siad i bhfostu sna heangacha bhí se damanta doiligh iad a tharraing amach astu. Bhí gob fada gear ar na forachain agus is iomaí iascaire ar fagadh cul a laimhe cludaithe i liomoga fuilteacha. Bhí amanna ann agus da mbeadh barraíocht eanacha sna heangacha tharraingeofaí na heangacha isteach sa bhad ina charnan agus bhearfaí iad isteach na ceidhe ait a dtabharfaí iad amach agus thosofaí ar an obair leis na heanacha a ghlanadh astu. Amuigh ag na Bradáin. Bhí se coitianta go leor fosta ag daoine nar iascairí iad, a dhul amach fa choinne an oíche ag na bradain, go díreach le blaiseadh a fhail den meid a chuaigh ar aghaidh. Dar ndoighe tharla se minic go leor fosta go mbíodh na daoine seo tinn agus is cinnte go bhfuil tinneas farraige thar a bheith dian. Bhíodh rudaí reasunta go leor go dtí go rachfaí síos ar íochtar faoin deic, le greim a fhail le hithe, i ndiaidh do na heangacha a bheith curtha. Chan rud rochiallmhar a bheadh ann píosa de thoirtín a bheadh cludaithe le him a shathadh faoi smig dhuine inteacht a bhí amuigh fa choinne an oíche. Rinneadh seo go minic le trean diabhlaíochta. Cha deachaigh luascadh an bhaid, boladh an deiseal agus an goile go romhaith le cheile. Dheamhan i bhfad go mbeadh an goile ag tiontu leis an te a bhíodh amuigh ar thuras agus toin a ghoile a chur amach aige thar an ghunail, ba seo ocaidí a thog croí na bhfaoileog!! Cha raibh moran badaí fan cheantar seo ag iascaireacht bradan ag deireadh na gcaogaidí agus tus na seascaidí. Thainig forbairt agus borradh faoi ina dhiaidh sin. Bhí bad Jimí Antoin, Noní, Hughie Den, bad Hughie Og, Chearlaí John Nochaí, Willie Cullen agus muintir Shearlaí as an Raplach. Ba sceal mor nuachta a bhí ann ag Fear a ’ Phoist la arna mharach ag inseacht do dhaoine faoin chur bradan a bhíodh le achan bhad. Na Contúirtí. ‘ Se an rud is mo a chuirfeadh iontas ar dhaoine sa la ata inniu ann na an dearcadh a bhí ag iascairí na linne sin agus leoga na glunta a chuaigh rompu ar chursaí sabhailteachta. Cha raibh leofa ach crann seoil agus an seol fhein, ramhaí agus b ’ fheidir compas. Cha raibh raidionna, cotaí tarrthala, na fiu soilse in airde acu le tabhairt le fios do bhadaí mora go raibh siad ansin ag iascaireacht. An rud e gur fhag siad a mbeatha i lamha De agus gur chreid siad go mbeadh a cuid fhein ag an fharraige? B ’ fheidir e. Ach sin agus eile cha raibh ach an 6
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3