Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 6 tubaiste amhain sa taobh seo tíre sa treimhse a bhfuil muid ag caint faoi agus ba sin bad leis na Brown ’ s as Inse (Inch Is.) i nGleann Suilí a cailleadh i Meitheamh na bliana 1957 agus ceathrar ar bord. Ach sula luann muid an tubaiste seo bhí se tríocha bliain roimhe sin o bhí tubaiste eile da leitheid sna farraigí timpeall an da leithinis seo agus ba sin skiff as Fanaid a cailleadh sa bhliain 1927. Iascairí Fhánada. Cha dtainig an fhorbairt cheanna ar an iascaireacht i bhFanaid ag tus an cheid dheireanaigh fe mar a tharla sna Dunaibh ach bhí traidisiun iascaireachta ansin i gconaí. Bhí Baile Fhuaruisce agus an reigiun timpeall air mar phríomhcheantar iascaireachta. Bhí iascaireacht na mbradan ag dul ar aghaidh o thus an cheid. Meastar gur i gcuracha a rinneadh an iascaireacht seo i dtus baire ach ansin thainig na skiffs. Ba comhlacht i mBun a ’ Phobail (Moville), ‘ Dill and Beattie ’ a thog na skiffs. Badaí foscailte seoil a bhí thart fa seacht no ocht dtroigh is fiche a bhí iontu. Bhí luach an skiff lena chrann seoil agus ramhaí le ceannacht in 1925 ar chostas o £16 go £20. Ba an ‘ Irish Fishery Company ’ a bhí lonnaithe ag Staisiun na Maoil Ruaidhe ar thaobh Ros Goill de Bha na Maoil Ruaidhe a cheannaigh na bradain ag an am seo. Bhí luach na mbradan ag an am o 6d go 10d an punt. Thainig meadu ar líon na skiffs i bhFanaid i ndiaidh an Chead Chogadh Domhanda agus ag tus na bhfichidí bhí an bhad deag no dha bhad deag ag iascaireacht amach as leithinis Fhanada. Fan am seo ba teaghlaigh i leithinis Ros Goill a bhí ag ceannacht na mbradan, O Grifín i gCarraig Airt agus Mac Eiteagain agus Mac Giolla Bhríde sna Dunaibh. Bhí raon na bpraghasanna fan am seo o 8d go 12d an punt agus bhí na ceannaitheoirí ag cur na mbradan díreach chuig Margadh Billingsgate i Londain. De ghnath b ’ iad ceannaitheoirí na mbradan a chur na heangacha ar fail, rud a chiallaigh go raibh sear no sear go leith acusan as cur an tseasuir. Bhí cabhlach iascaireachta Fhanada ag meadu go dtí an bhliain 1927. Tubaiste Farraige 1927. Chuaigh cabhlach Fhanada agus Ros Goill ‘ na farraige mar ba ghnach trathnona an 20u Meitheamh 1927. Bhí oíche mhaith bhradain ann agus iad ar a mbealach amach agus d ’ fhan se mar sin go dtí go raibh a gcuid eangach togtha acu agus an la ag briseadh. Ansin gan choinne agus gan mhothu d ’ athraigh an mhaidin, thainig stoirm agus baisteach mhillteanach. Beireadh goirid orthu uilig agus thug na skiffs aghaidh ar a cuid port chomh tiubh gear agus thiocfadh leo. D ’ eirigh le cuid acu ceann scríbe a bhaint amach; bhí drifters na hAlban ag iascaireacht ag an am amach as Bun Cranncha fosta agus d ’ eirigh leosan cuidiu leis na skiffs a theacht i dtír ag poirt eagsula. Is furasta a thuiscint go mbeadh na daoine muinteartha go mor i bpianphais ar feadh na maidine ag fanacht le sceala faoi na badaí. Bhí se isteach go maith sa la sula bhfuair gaoil na n - iascairí amach ce acu bhí siad sabhailte no nach raibh de thairbhe go dtainig siad i dtír thall is abhus o Chionn Mhalanna go Corran Binne agus cha raibh cursaí cumarsaide mar ata se inniu, dar ndoighe. Ach mar a tharlaíonn go minic ina leitheid de thubaiste bhí skiff amhain ar iarraidh, ba seo skiff de chuid Fhanada le Frank O hEarcain (51) agus a chriu og, Seamus Mac Suibhne (23), Hughie O Siadhail (23) agus Padraig Fealty (23). Níodh an bad isteach i nDun Damh (Dunaff) maidin De Mairt ach cha raibh iomra ar bith ar na coirp. Ach an la ina dhiaidh sin togadh croí an phobail nuair a spreigh an rafla gur togadh an chriu amach as an skiff isteach i long mhor maidin na stoirme agus gur cuireadh i dtír iad i Milford Haven sa Bhreatain Bheag. Char mhair an deasceala seo i bhfad agus thit neal dorcha ar an cheantar nuair a thainig an sceala gur níodh corp Sheamus Mhic Suibhne isteach ar thraigh Bhaile Lifín. Ba seo neal dorcha a shuí ar cheantar Fhanada go ceann fada go leor. Chan fhuarthas coirp na bhfear eile ariamh. Thainig meath ar iascaireacht na mbradan i gceantar Fhanada sna blianta i ndiaidh na tubaiste. Thainig deireadh ar fad leis i 1939/40. Ba seo mar bhí se go dtí an bhliain 1958 nuair a cheannaigh Din O Frighil as Rinn Bhuí an ‘ St. Catherine ’. Cuireadh tus le iascaireacht na mbradan i bhFanaid arís. Tubaiste Farraige 1957. Ba as an Inis (Inch Is.) i Loch Suilighe teaghlach na Brown ’ s, teaghlach a raibh ceangal mor acu 8

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3