Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 7 An ‘ Oliver Plunkett ’ Johnny Connor Barney Ó Dubhaigh Ba seo an bád a bhí ag Jimmí Antoin Mac Eiteagáin. Bhí sí sé troithe déag agus fiche agus tógadh í i mbádchlós Mhíobhaigh i lár na seascaidí. Bhí an ‘ Pride of Greencastle ’ aige roimhe sin. Bhí Jimmí ina scipéir ar an bhád seo agus i ndiaidh do Jimmí éirí as an iascaireacht ghlac Pádraig Ó Luodhóg (Paidí Den Shéamais) seilbh ar an stiúir agus ba é a bhí ar an stiúir go dtí gur díoladh an bád sna seachtóidí. Bhí scaifte d ’ iascairí a rinne sealanna ar bhád Jimmí Antoin: Johnny Logue (Johnny Shéamais), Ned Carr (Ned John Nochaí), Baile Úr, Conchúr Duffy agus Barney Duffy, Baile ‘ n tSléibhe, Seán Ó Conchúir (Johnny Connor), Ros na Binne, Johnny Bhrógáin, an Meall Mór, Micí Dochartaigh, Baile na Deora agus Dinis Ó Gallchóir (Dinis Mhicí), an Ghlíob. Trí ghlúin de Mhuintir Mhic Eiteagáin Jimmí, Anton & Donnchadh Paidí Den Shéamais Conchúr Ó Dubhaigh Nead Carr

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3