Guth Ghoill, Eagrán 55

Eagrán 55 2017 8 leis an fharraige ag dul siar na nglunta. Bhí re na skiffs thart anois agus is badaí le leath - deic a bhí in usaid, badaí a raibh inneall iontu agus trian den bhad druidte isteach ag deic. Trathnona De hAoine an 21u Meitheamh 1957 d ’ fhag an ‘ Playmate ’ bad na Brown ’ s an Inis agus sheol siad amach Loch Suilighe ar a mbealach amach a ’ iascaireacht bradan. Bhí beirt de na Brown ’ s ar bord, James (44) agus Bertie (Gilbert) (36) agus beirt fhear eile, Thomas Porter (57) as an Inis fosta agus stocach og seacht mbliana deag, nach raibh ach ag dul amach don dara turas, Eugene Mac Fhionnlaoich as Mainear Uí Chuinneagain. Ba Pat Coll as Iochtar Fhanada an duine deireanach a chonaic an chriu ina mbeatha. Bhí se ag iascaireacht ar na carraigeacha congarach do Theach Solais Fhanada nuair a sheol an ‘ Playmate ’ thart leis i dtratha a deich a chlog. Nuair nar phill an bad ar an Inis maidin la arna mharach thosaigh teaghlaigh a ’ eirí imníoch. Rinneadh teagmhail le poirt iascaireachta eile go bhfeicfí an dtainig siad i dtír ait ar bith eile. Ach ar an drochuair cha raibh i bhfad acu le fanacht ar fhreagraí. Thainig Pat Coll, an duine deireanach a chonaic iad ina mbeatha, ar an bhad i dtratha a naoi a chlog agus í ina smionagar ar na carraigeacha in aice le Cionn Fhanada. Thangthas ar na coirp na laetha ina dhiaidh sin de reir a cheile, ach chan fhuarthas corp Bertie Brown ariamh. Macasamhail tubaiste na bliana 1927 fagadh na pobail iascaireachta ar an chosta faoi scail. Ba stoirm uafasach ba chuis le tubaiste na bliana 1927 ach cha raibh míniu ar bith cad e a d ’ eirigh den ‘ Playmate ’ na cad e ba chuis díthe a bheith fagtha ina phíosaí ar Chionn Fhanada. Fuarthas na heangacha in aice leis an bhad agus bhí 57 bradan iontu. Imní i Ros Goill. Ceann de na badaí a bhí ag iascaireacht bradan amach as Ros Goill le linn na seascaidí ab ea an le Willie Cullen Ar an chriu a bhí leis bhí Hughie Bhrogain, an Meall Mor, Nead Carr ( an Baile Ur agus Antoin Mac Giolla Bhríde (Anton Shuss), Gort na Luchog. D ’ fhag siad Dun Dubhain ar an Mhaol Ruaidh trathnona De Mairt an 22u Meitheamh 1965 ar a mbealach ‘ na farraige d ’ oíche iascaireachta. Thosaigh se a sheideadh le linn na hoíche agus mar bharr ar an donas thosaigh an t - inneall a thabhairt buairimh agus ba e an deireadh a bhí ar an sceal na gur theip glan ar an inneall. Bhí siad san fhaopach i 9

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3