Guth Ghoill, Eagrán 55
Eagrán 55 2017 9 gceart anois. Nuair nach raibh inneall an bhaid ag obair bhí an bad ar shiuil gan doigh. Bhí imní mhor fan cheantar la arna mharach nuair a chuaigh an sceala amach go raibh an ‘ Pride of Mulroy ’ ar iarraidh. Thosaigh an cuardach ar an Cheadaoin - bad tarrthala Arainn Mhor, eitlean amach as Doire chomh maith le hingearan (helicopter) agus badaí iascaireachta. Mhair an cuardach i rith an lae ach cha raibh iomra ar bith ar an ‘ Pride of Mulroy ’ go dtí go raibh se istigh go maith sa trathnona. Ba ansin a thainig bad iascaireachta as Inis Eoghain orthu ar an taobh eile de Chionn Mhalanna agus tugadh an ‘ Pride of Mulroy ’ isteach ar thead go Port an Lín (Portaleen). Bhí spiorad maith sna fir agus gan iad a dhath ní ba mheasa de bharr na heachtra ce go raibh contuirt mhor curtha tharstu acu. Ba mhor an faoiseamh a bhí fa Ros Goill nuair a tugadh sceala go raibh na fir slan sabhailte. Ta triur den chriu ar shlí na fírinne anois le fada ach ta Antoin Shuss beo beathach agus ar a sheanleim i gconaí i nGort na Luchog. Iascaireacht na mBradán ag Fás. Isteach sna seachtoidí tosaíodh ar usaid a bhaint as eangacha de chineal eile, ba seo na heangacha monofilament. Bhí se de bhuntaiste ag na heangacha seo, mar gheall ar an dath agus an deanamh a bhí orthu, nach raibh na bradain abalta iad a fheiceail san fharraige san oíche no sa la. Chomh maith le sin nuair a rachadh na bradain i bhfostu iontu cha raibh ealu ar bith astu. Chiallaigh seo go rabhthas ag iascaireacht bradan anois la agus oíche. De James Ó Dochartaigh a bhí ag iascaireacht ar an “ Pride of Mulroy ” 11 Bádaí ag an chéidh mall sna seachtóidí Anton Shuss
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3