Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 10 isteach ar an tsráid. Bhí a mac Dinis ina leanbh sa chliabhán agus i bhfaiteadh na súl bhí buidéal poitín a bhí i bhfolach ar an driosúr sciobtha léithe agus curtha i bhfolach sa chliabhán faoi chorp an linbh. Chuardaigh siad an teach ó bhun go barr ach dadaí chan fhuair siad. Bhí eolas maith ag na póilíní i gcónaí cé bhí ag déanamh an phoitín mar go raibh a gcuid spiairí fhéin acu in achan cheantar óna raibh siad ag fáil a gcuid eolais. Nuair a bhí siad ar shiúl amach an casán dúirt Paidí Mhicí Rua le Rosie, ‘bhí mise cinnte go raibh buidéal poitín sa teach seo áit inteacht’. Le sin thóg Rosie an buidéal amach as an chliabhán. Tá mé cinnte go raibh deoch ag an bheirt acu as, bhí sé tuillte go maith acu. Bhí am eile blianta roimhe sin nuair a thóg na Black and Tans Paidí agus John Bán Ghallchóir agus thug siad iad ar shiúl siar go dtí an Machaire Beag. Choinnigh siad iad ansin i rith an lae a gceistiú faoi cá háit a raibh an poitín i bhfolach acu. Chan fhuair siad mórán sásaimh as a gcuid fiosrúchán. Fuair Paidí Mhicí Rua bás sa bhliain 1965 agus cuireadh an stil agus an worm a bhí aige i bhfolach i mbruach na habhna. Ach char cuireadh an stil i bhfolach i bpoll ar bharr bhruach na habhna, cuireadh é i bhfolach faoin bhruach isteach ó thaobh na habhna. Maidin amháin d’amharc Annie amach ar an fhuinneog agus chonaic sí go raibh píosa tochailte déanta ar an bhruach i ndeas den áit a raibh an stil i bhfolach agus nuair a scrúdaigh a mac John an bruach chonaic sé go raibh an stil goidte. Ba mhór an truaighe é bheith goidte, chan go rabhar ag dul a bhaint úsáide ar bith eile as ach ba phíosa oibre den scoth a bhí sa stil a bhí déanta ó lámh mháistir a cheirde. Buaireamh an tSaoil. Macasamhail chuile dhuine a théann fríd an tsaol bhí a mbuaireamh fhéin ag Paidí agus ag Rosie fosta. Fuair a iníon Máire bás agus í ina bean óg ar an dara lá d’Iúl 1935. Fuair Rosie í fhéin bás sa bhliain 1956 agus gan í ach na ceithre bliana agus trí fichid. Maraíodh a mhac Paidí i nGlaschú sa bhliain 1945 nuair a leag carr é dá rothar. Cha raibh sé ach dhá bhliain agus fiche. Bhí níos measa le theacht. Is cuimhin lena gharmhac John a athair mór, a mháthair agus é fhéin a bheith thall i gcuibhreann choirce tráthnóna Fómhair ag deireadh mí Lúnasa 1959 agus iad réidh le dhul i gceann oibre a ghearradh coirce. Tchíonn siad carr an tsagairt, an tAth. Mac Pháidín ag tarraingt isteach ar shráid an tí. Dar ndóigh sna blianta sin chan comhartha rómhaith a bhí ann an sagart a fheiceáil ag tarraingt ar theach ar bith. Chaith a athair mór uaidh an speal agus ar shiúl leis go deifreach ag tarraingt

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3