Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 11 ar an tigh. Thuig sé go raibh rud inteacht nach raibh ceart. ‘Sé an scéala a bhí leis an tsagart ná gur maraíodh a mhac Micí an lá sin agus é ag tiomáint digger thall i Newcastle, áit a raibh sé ag obair. Ba mhór an buille a bhí i mbás Mhicí do mhuintir Mhicí Rua mar go raibh Micí mar chrann taca ag an teaghlach. D’imigh Paidí Mhicí Rua go buartha croíbhriste ar thuras uaigneach leis fhéin anonn go Newcastle. Ba sin triúr dá chlann a bhí anois ar shlí na fírinne. Bhí Micí Rua na seacht mbliana thar na ceithre scór nuair a fuair sé bás i 1965. Cuireann teach Mhicí Rua i nGleann Raithnigh dán leis an file cáilúil Máirtín Ó Direáin im chuimhne. Tá bhéarsa sa dán a deireann - Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan Seo Lag na hUilinne sna fichidí agus na bádaí ‘ Zulu ’ ina luí díomhaoin ar bharr a ’ chla- daigh. Lobh an chuid is mó acu agus baineadh úsáid as na creatlacha mar ábhar tine. Tá roinnt de na tithe a bhí i mbaile fearainn Cheann na Leargaí le feiceáil ar an taobh eile den uisce. Taobh amuigh de theach amháin níl anseo anois ach na ballóga.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3