Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 12 Seanfhocla, Téarmaí agus Leaganacha cainte atá neamhchoitianta nó nach bhfuil le fáil i gcaint an lae inniu. I gcaint na ndaoine sa tseanam bhí sé coitianta agus nádúrtha cora cainte agus seanfhocail a úsáid ó lá go lá. Sílimse gur ceann de na rudaí ba mhó agus is mó a chur deireadh leis an tsaibhreas a bhí sa Ghaeilge ná an beagán léinn a thosaigh daoine a fháil. Sílim gur thosaigh an meath dáiríre i ndiaidh bhunú na Scoltacha Náisiúnta. Go dtí sin cha raibh mórán Béarla sa Ghaeltacht, ba chainteoirí ó dhúchas a bhí iontu uilig agus mórán acu nach raibh focal ar bith béarla acu. Bhí na daoine sin ag smaoineamh go nádúrtha i nGaeilge agus ní hionann sin agus an lá inniu. Nuair a thosaigh na Scoltacha Náisiúnta tosaíodh ar Bhéarla a bhrú ar na daoine agus táthar a dhéanamh sin go dtí an lá inniu. Agus ar ndóighe níl lá ar bith nach bhfuil sin ag éirí níos measa de thairbhe daoine a bheith ag léitheoireacht, tá na páipéir nuachta acu, tá an teilifís agus an raidió acu agus áiseanna eile acu atá ag cur isteach ar a dteanga dhúchais. I mo thuairim fhéin tá cuid mhór de na daoine, fiú amháin ins an Ghaeltacht, a bhfuil tionchar an bhéarla chomh láidir sin agus ag cur oiread brú ar na da- oine go bhfuil cuid mhór acu ag smaoineamh i mbéarla agus ag aistriú go Gaeilge. Anois tá sé an - choitianta mar chuala mé agus chuir sé na seacht n - iontas orm cainteoir ó dhúchas agus cainteoir maith Gaeilge ag rá lá amháin— ‘ fuair mo hata fliuch ’ in áit a rá – ‘ fliuchadh mo hata ’, ‘ fuair sé pósta ar bhean dheas ’ in áit a rá – ‘ pósadh é ar bhean dheas ’. Tá rudaí mar sin le cluinstin agam achan lá sa bhliain agus ag go leor eile. Cuireann sé iontas ormsa nuair a bhím ag caint leis na micléinn sna meánscoltacha a laghad eolais atá acu ar chora cainte, ar leaganacha cainte agus ar an saibhreas a bhí sa teanga leathchéad bliain ó shin. Dúirt mé gur thosaigh an meath leis na scoltacha náisiúnta ach leis an athrú milteanach a tháinig caithfimid a dhul siar tuairim is scór go leith bliain. Tá fhios agam fhéin teaghlaigh, áit a raibh teaghlaigh mheasartha mhór fosta agus an chéad leath den teaghlach sin tógadh iad sin le Gaeilge uilig agus an leath dheiridh den teaghlach le béarla. Ní thuigim fhéin go dtí an lá inniu cad é an dóigh ar tharla sin. Bhí mórán de na cora cainte, de na leaganacha cainte agus de na seanfhocla a bhí ag na daoine an - suimiúil sa mhéid is go bhfaighfeá leideadh fríofa ar fhealsúnacht, ar stair , go
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3