Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 13 minic stair shóisialta na ndaoine agus ar an dóigh sin fhéin is fiú staidéar a dhéanamh orthu. Tá sé an - suimiúil an dóigh a bhfaigheann tú leideadh faoin dóigh ar chaith ár muin- tir an t - am, a gcaitheamh aimsire agus achan rud a bhain daofa. Anois bhéarfaidh mé sam- pla beag amháin simpli duit. Bhí mise thuas ar na Cruacha Gorma i gceartlár na Contae ag obair istigh ins na cnoic. Anois tá mé fíorchinnte de go raibh sé cúig nó sé déag de mhílte ar a laghad ón áit a raibh mise go dtí an Fhearthainn (Narin) cois farraige. Lá amháin tháinig mé trasna ar an fhear seo agus chuaigh mé i mbun cainte leis, bhí sé ag cur síos domh ar an fhear seo a gheall dó rud inteacht a dhéanamh dó ach ag an bhomaite dheireannach tharraing sé as. ‘ Sé an dóigh a dúirt sé liom é ná – ‘ rinne sé pil- leadh ‘ n ghliomaigh orm ’ . Chuir seo iontas an tsaoil orm fhéin, bhuel anois níl duine ar bith cois cladaigh nach bhfuil fhios aige cad é rud gliomach ann ach chuir sé iontas go brách orm cad é ‘ n dóigh a raibh fhios ag an fhear seo a raibh cónaí air amuigh thuas ins na cnoic fá philleadh an ghliomaigh. An té a bhfuil eolas aige ar photaí gliomach agus ar iascaireacht ghliomach beidh a fhios aige ar ndóighe cad é rud pilleadh an ghliomaigh ach an té nach bhfuil an t - eolas sin aige tá sé riachtanach a mhíniú dó. Bhuel an té a bhfuil eolas aige fosta ar an dóigh a bhfaightear greim ar an ghliomach tá fhios aige go dtéann an gliomach isteach i súil atá ar thaobh an phota agus itheann sé an baoite atá ar thóin an phota. Muna bhfuil fonn air fanacht istigh sa phota bhéarfaidh sé iarraidh a theacht amach agus tá a fhios ag achan iascaire nach dtáinig gliomach ariamh amach lorg a chinn, sé sin nach dtabharfaidh sé a aghaidh amach fríd an tsúil seo atá sa phota. Tig sé i gcónaí amach lorg a dheiridh nó lorg a thóna. Duine ar bith a dhéanfas pilleadh an ghliomaigh rachaidh sé ar a thóin ar dhóigh inteacht. Thiocfaí seo a úsáid go mór sa lá atá inniu agus tú ag caint faoi pho- laiteoirí, tá cuid mhór acu a dhéanfas pilleadh an ghliomaigh, sé sin nuair nach bhfuil siad ábalta a gcuid geallúintí le linn am toghacháin a chomhlíonadh. ‘ Sé rud a chur iontas orm ná cén dóigh a raibh an t - eolas seo istigh i gceartlár na gcnoc ach d ’ fhoghlaim mé rud in- teacht ón abairt sin. Ba ghnách le muintir an cheantair sin achan bhliain nuair a bhíodh an Samhradh agus an Fómhar críochnaithe acu, fómhar bainte agus istigh acu agus na prátaí bainte acu, ba ghnách leo a dhul síos cois farraige go dtí an Fhearthainn, bhí cairde thíos ansin acu, ba ghnách leo a dhul bliain i ndiaidh na bliana síos ansin agus coicís a chaitheamh thíos ann. Chan amháin go ra- chadh siad fhéin síos ach ba ghnách leo eallach a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3