Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 14 thabhairt síos leo cois farraige agus ba léar leofa nuair a chaithfeadh siad seal beag thíos ansin agus nuair a bhéarfadh siad arais ‘ na bhaile iad go sábhálfadh sin iad ar chrupán agus aicídeacha eile a bhí ag baint leis an sliabh agus go ndéanfadh an t - athrú an oiread sin maith daofa. Chuir mé an cipín leis : Má chuirtear ceist ar fhear cad é mar bhí sé ar aghaidh le baint na bprátaí nó le baint na mónadh nó a leithéid sin agus má bhéarann seisean mar fhreagra ‘ Chuir mé an cipín le baint na mónadh ’ nó ‘ Chuir mé an cipín le baint na bprátaí ’ is ionann sin agus a rá go bhfuil sé críochnaithe go hiomlán, an obair déanta. Cuir i gcás go raibh iascaire tinn agus chasfaí mise agus tusa ar a chéile ar an bhealach mhór agus fios againn go raibh Conal iontach tinn aréir agus chuirfinnse ceist ortsa ‘ ar chuala tú iomrá ar bith ar Chonal inniu nó cad é mar tá sé ’ agus déarfá thu- sa ‘ Oh chuala mé maidin inniu gur sheol sé aréir ’. Is ionann sin agus a rá go bhfuair sé bás, seo leagan eile cainte atá tógtha as an tseanchas. ‘ An té nach múirfidh (maróidh) muiltín (molt) Muire múirfidh Muire muiltín dó ’ Ba ghnách leis na daoine moiltín, sin uan nó caoire bheag fhireann a mharú i gcónaí in onóir d ’ Fhéil ’ Muire san Fhómhar. Bhí pisreoga ag baint le seo agus ba seo rud a raibh an - eagla orthu roimhe, ‘ sé sin an té a raibh caoirigh aige. Dar ndóigh bhí cuid acu nár mhaith leo an muiltín a mharú agus an té nach ndéanfadh sin in onóir don Fhéil Muire ba léir le daoine go n - imeodh droch bhail ar a chuid caorach. Nós a bhí anseo agus ní smaoineodh siad ar chaora a mharú am ar bith eile sa bhliain. ‘ Bhí mé chomh gnoitheach le bean potaí ar aonach ’ . Seo an rud a deirtí faoi dhuine a bheadh iontach gnoitheach. Is féidir léiriú a fháil ar shaol na ndaoine fríd na leaganacha cainte seo. Sa tseanam bhí aonach ar achan bhaile bheag agus ar achan bhaile mhór agus dar ndóighe cha raibh tithe bidh na óstáin chomh for- leathan agus atá siad sa lá inniu. Mar sin de thigeadh mná le chéile, mharódh siad cearca agus bheadh neart troisc nó éisc úr acu fosta agus bhruithfeadh siad prátaí. Dhéanfadh si- ad tine amuigh faoin spéir cois claí áit a n - ullmhódh siad a gcuid bidh. Dar ndóigh bhíodh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3