Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 15 na céadta ar chuid de na h - aontaí agus ocras orthu, mar sin de tharraingeodh siad ar an áit a mbíodh na mná agus a gcuid potaí ina mbíodh an bia. Agus is cinnte go mbeadh na mná seo thar a bheith gnoitheach lá aonaigh – ‘ comh gnoitheach le bean potaí ar aonach ’ ‘ Tá deireadh na noinín sa ghloinne. Seo abairt áitiúil eile de chuid Theidhleann.Deir muintir na háite sin nuair a bhítí ag ithe nó ag ól deireadh rud ar bith. Dá mbeadh páiste ansin a mbeifí ag tabhairt milseáin dó, ceann anois agus ceann arís agus nuair a bhéarfaí an ceann deireanach dó déarfaí leis go raibh ‘ deireadh na noinín sa ghloinne ’., ‘ sé sin go raibh deireadh faighte aige. Baintear feidhm as an abairt fosta ag tagairt do dha- oine a mbeadh deireadh a gcuid airgid ólta acu. Agus ‘ sé an seanchas a bhaineann leis ná seanlánúin a bhí ann agus nuair a bhí siad ag éirí aosta dhíol siad an spleotán talaimh a bhí acu. Thosaigh an bheirt ar an ól ansin agus nuair a bhí deir- eadh caite agus an braon deireanach sna gloiní d ’ ól an fear sláínte na mná agus dúirt sé go raibh deireadh na noinín sa ghloinne , ‘ sé sin go raibh deireadh luach an talaimh sna gloinní. B ’ fhéidir go mbíodh barr breá noinín ar a gcuid talamh . Bhí sé comh maith fiacháil le gad a chur ar ghaineamh... Tá a fios ag chuile dhuine nach féidir gad a chur ar ghaine- amh, nach féidir ceangal de shórt ar bith a chur air. Gad, sin gad rópa ná fiú giota chorda a cheangail ar ghaineamh, ní féidir é dhéa- namh.Bhí sé comh maith agat iarraidh ar dhuine gad a chur ar ghaine- amh le bheith a ’ iarraidh tabhairt ar dhuine rud in- teacht a dhéa- namh nach bhfuil sé ag iarraidh a dhéanamh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3