Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 16 Chaith mise laethanta scoile m’óige i scoil Ghaeltachta dhá -oide fá dhá mhíle taobh amuigh de Charraig Airt, áit a raibh mé mo chónaí. Bhí an scoil suite i mbaile fearainn Ghort na Brád agus b’iad Bean Uí Bhuaidhe agus an Máistír Mac Fhionnlaoich ár múinteoirí. Bean lách chneasta a bhí i mBean Uí Bhuaidhe agus b’iad na bunranganna a bhí faoina cúram. Bhíodh a cuid gruaige ina cocán aici agus chaith sí éadaí dubha agus dar linne go raibh sí iontach sean. Ach ag féachaint siar air anois ritheann sé liom nach raibh sí ach ina cuid caogaidí. Bhí soláthar maith de bhrioscaí aici i gcónaí istigh i mbosca sa phrios agus ba mhinic a fuair páistí a bhíodh corraithe sólas agus faoiseamh ó bhriosca blasta ón bhosca chéanna – rud nua sna laetha sin. Fear téagartha le spéaclóirí agus fiacla áille a bhí sa mháistír agus meangadh gáire a las a aghaidh go hiomlán. Ba mhór a shuim in achan chineál spóirt agus fosta bhí an – acmhainn grinn aige. Char spáráil sé an tslat ach oiread ach in ainneoin seo char lú ár meas air ní b’fhaide ar Scoil Ghort na Bráide a tógadh 1929 To Tom Mac Fhionnlaoich
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3