Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 17 aghaidh sa tsaol. Múinteoirí tiomanta a bhí sa bheirt acu, rud a ba léir ó na torthaí a ghnothaigh siad. As na daltaí sna ranganna sinsireacha a bhí sa seomra ranga liomsa bhí fear amháin ar éirigh leis post bhainisteoir na Contae a bhaint amach agus cha raibh níos lú ná seachtar nár éirigh leo cáiliú mar mhúinteoirí agus tharla seo uilig de bharr na scoláireachtaí uilig a ghnothaigh siad chuig an mheánscoil. Bhí aistear chruaidh ‘na scoile againn achan mhaidin ós rud é go raibh muid in éadan na malacha chóir a bheith an bealach uilig. Bhí ceithre mhalaigh le trasnú againn: Malaigh Thaidhg, Malaigh Newman, Malaigh Rodgers agus Malaigh na Scoile. B’í an mhalaigh dheireanach an ceann ab fhaide agus ba ghéire agus ba mhinic sa Gheimhreadh a bhíodh sé faoi chlúdach siocáin mar gheall ar na foinsí uisce ag a bharr a bhíodh ag stealladh uisce anuas i rith na bliana. Ba mhinic a chuaigh muid costarnocht sa tSamhradh, ag léimnigh go haerach thar na clocha garbha ach, in amanna eile, ag baint barr den ladhar mhór nó cloch ghéar a’ fágáil bonn na coise gearrtha brúite. Le teacht an Fhómhair bheadh muid ag súil go mór leis na bróga arda troma agus na stocaí olna troma a chur orainn. Ag bun Mhalaigh na Scoile bhí seanstábla, áit a gcruinníodh muid le hamharc ar an obair baile agus leoga go minic chun é a chóipeáil. Malaigh Ghort na Bráide Malaigh Thaidhg, ag dul síos go bealach Charraig Airt Malaigh Newman Malaigh Rogers

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3