Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 18 Go minic d’fhiafraíodh daltaí a raibh Gaeilge ar a dtoil acu: ‘Have you the sums made?’ – aistriúchán díreach ar ‘ Bhfuil an uimhríocht déanta agat?’ Ansin, agus achan rud déanta, chríochnódh muid ár n-aistear agus ag barr na malacha bhíodh ár n-aire dírithe go hiomlan ar dhoras an mháistir go bhfeicfeadh muid an raibh sé foscailte. Muna raibh bhí an seans ann go raibh sé as láthair. Ansin thosódh feitheamh fada agus nuair a chífeadh muid an hata agus an rothar a’ nochtadh thar ghrua na malacha bhainfí an croí go hiomlán asainn. Cha raibh mórán iomrá ar airígh scoile, ar ndóiche, san am sin agus bhí lasadh na tine mar chéad timireacht an lae. Cha raibh a dhath furasta faoi bheith ag baint úsáide as seanchóipleabhair agus móin nach raibh i gcónaí tirim. Bhítí ag súil go dtabharfadh achan pháiste isteach dhá scilling in aghaidh na bliana le breosla a cheannacht agus muna dtiocfadh le tuismitheoirí an t-airgead a spáráil bhítí ag súil go dtabharfadh siad malach móna isteach nó lód giúise. Nuair a thiocfadh malach móna chuirfí na gasúraí móra amach le é a iompar isteach ón bhealach mhór go dtí cró na móna agus go bhfaire Dia ar an duine a d’oibreodh ró -ghasta! Cé nár chuala muid iomrá ariamh ar cheardchumainn thuig muid an dearcadh ‘Glac go bog é!’ Nuair a bhíodh soláthar móna na bliana rite amach b’éigean d’achan pháiste fód móna a bheith leis ‘na scoile agus go bhfaire Dia ort muna raibh ceann leat! B’iomaí cruach mhóna ar baineadh fódaí aisti ar ár mbealach ‘na scoile! Cha raibh uisce reatha ar bith sa scoil agus bhí leithris tirim amuigh sa chlós a ghlantaí uair sa bhliain. Cuireadh beirt ghasúr chun an tobair achan mhaidin le buicéidí fíoruisce a fháil le hól. Fágadh iad i gcoirnéal an tseomra ranga agus ‘pandy tin’ in aice leo ónar ól achan duine. Cé nach gcoinneodh an t-uisce mianraí atáthar a dhíol faoi láthair ar luach an-ard, an choinneál don fhíoruisce sin is iontach nár chuir an modh ólta isteach orainn mar nach raibh sé róshláintiúil go háirithe le linn tréimhse a raibh aicídí mar an eitinn agus galar an tochais chomh coitianta sin. Ar aon nós cha raibh an chosúlacht ann go ndearna sé dochar ar bith dúinn agus cha raibh gearán ar bith fá dtaobh de. Bhí scuabadh na seomraí ranga mar dhualgas orainn fosta achan tráthnóna Dé hAoine. D’fhan muid ar ais in ár seal i ndiaidh am scoile le seo a dhéanamh. Dhéantaí an scuabadh i ndiaidh do na binsí fada a bheith bogtha ar leataobh agus neart uisce a bheith spréite ar an urlár leis an dusta a choinneáil síos. Aisteach agus mar atá sé níl mórán cuimhne agam ar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3