Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 19 cheachtanna scoile. Bhí mo chroí sa mhatamaitic agus fuair muid ár miosúr laethúil de mheabhairuimhríocht (mental arithmetic) chun ár n-intinn a choinneáil géar. B’fhuath liom na cinnlínte mar nach raibh mo chuid peannaireachta thar mholadh beirte. Le cur le mo chuid léin bhí mo dheartháir óg Eoghan ina scoth scríbhneora agus chuirtí a chuid oibre os mo chomhair i gcónaí le bheith mar shampla domhsa. Ba chosúil é le cead a cinn a thabhairt do chearc i mbairille tarra le bheith a’ tabhairt peann agus dúch ( a rinneadh sa tseomra as púdar agus uisce) domhsa. Bhí guth breá binn ag an mháistir agus d’fhoghlaim muid cuid mhór amhrán álainn Ghaelach mar: ‘ Cruacha Glas na hÉireann’, agus ‘Ní fheicfear Nios Mó Thú’, cuid acu mar pháirtamhráin le dhá nó trí pháirt. Cé go bhfuil mo chuimhní faoin obair scoile doiléir go leor, a mhalairt ar fad atá fíor faoi am súgartha. Cha bhíodh againn d’am lóin ach cúpla píosa breá d’arán baile clúdaithe in im agus b’fhéidir corruair subh. Bhí siopa beag in aice na scoile ag Den agus Cití Cullen agus sa tsiopa seo thiocfadh le duine cúpla slios aráin (iad gearrtha ar shliosaire bagúin) agus subh a cheannacht ar phingin. Chan rómhinic a bhíodh pingin ag duine ar bith againn ach rinne teaghlach Uí Chuilinn cinnte, mar go raibh an maitheas sin iontu, nach mbeadh páiste ar bith buailte ag ocras. Bhí clós scoile do na Ba anseo a bhí an siopa in aice na scoile
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3