Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 2 Ma bheirean tú ruaig thart ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin i gceantar Ros Goill (ag dul i dtreo an taobh thoir) tiocfaidh tú go barr Mhalaigh na Glíobe i ndiaidh cúpla míle den turas a bheith curtha tharat, ar aghaidh leat ansin fríd Lag an Abair go dtí go dtagann tú go Barr na malacha áit a bhfosclaíonn Gleann Raithní amach romhat agus an chéad rud a tharraingíonn do shúil ná an teach álainn cloiche atá ar thaobh na láimhe clé leathbealaigh síos an mhalaigh, seo teach mhuintir Mhicí Rua (Ó Buaidhe) – teach álainn cloiche agus a aghaidh amach Báighe Thrá na Rosann. Tá an seanteach ar a chúl áit a raibh cónaí ar na glúnta de mhuintir Mhicí Rua ag dul siar corradh agus cúpla céad bliain, ag dul siar is dócha go dtí am Éamonn Ó Buaidhe a rugadh sa cheathrú dheireanach den ochtú céad déag. (1775 — 1800). Thosaigh Mícheál Mac a’ tSaoir (Mícheál Thuathail Steafáin) ar an teach seo a thógáil do Phaidí Mhicí Rua ar an aonú lá déag de Mheitheamh 1934 agus bhí an obair thógála déanta aige ar an cheathrú lá déag de Mhí na Nollag 1934. Ba é Paidí é fhéin agus a mhac Mícheál a ghearr na clocha as an choireál (quarry) a bhí i mBearna na Gaoithe, bhí seo thuas ar chúl an tí. Paidí Ó Buaidhe: Paidí Ó Buaidhe a bhí ina athair mór ag Paidí Mhicí Ruaidh. Mac a bhí ann d’Éamonn Ó Buaidhe as an Ghlíob. Thiocfaí a rá gur rugadh Éamonn am inteacht sa cheathrú dheireanach den ochtú céad déag. Níl eolas againn cá air a pósadh é ná cá huair ach go raibh mac aige a raibh Paidí air agus cé nach bhfuil aois Phaidí againn thig linn glacadh leis gur ru- gadh é go luath san naoú céad déag. Bhí Paidí pósta ar Róise Nic Giolla Chomhaill as an Ghlíob, bean a rugadh sa bhliain 1821 agus a raibh ochtar clainne aige lei: Chéarlaí: Pósadh Chéarlaí sa bhliain 1917 ar Susan Nic a’t Saoir as Baile na Deora. Peigí: Rugadh Peigí 1841 agus pósadh í sa bhliain 1864 ar Sheán Ó Dubhthaigh as an Ghlíob. Ba seo athair mór agus máthair mhór John Thua- Teach Mhicí Rua
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3