Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 20 gasúraí agus ceann eile do na girseachaí ach bhí siad clúdaithe i gclocha garbha agus chan ró-oiriúnach a bhí siad le bheith ag súgradh iontu.Théadh na girseachaí agus na páistí beaga de ghnách ag sleamhnú ar charraig mhín a bhí os comhair na scoile. Cé gur shamhlaigh muid an charraig a bheith ollmhór ag an am cha raibh sí i ndáiríre ach tuairim is deich dtroigh ar aoirde. Théadh na gasúraí móra ag imirt peile i bpáirc riascach ar chúl an tsiopa. Bhéartaí Kit’s Lea ar an pháirc seo agus is iomaí cath a troideadh ann de chinéalacha éagsúla. D’imir muid le liathróid bheag bhog agus cha raibh ceathrú anama a iarraidh ná a thabhairt. Cha raibh mórán éilimh ar ról an chúlbáire sna laethanta sin agus de ghnách bhí Tom Mc Grath agus mé fhéin i measc na chéad daoine a roghnófaí, chan amháin go raibh muid sásta imirt mar chúlbáirí ach bhí muid aitheanta mar chúlbáirí maithe.Bheadh toradh an chluiche mar ábhar cainte ar feadh an chuid ei- le den lá, go háirithe dá gcríochnódh sé ina ruaille buaille mar a tharla go minic. San Fhómhar ba ghnách linn corruair aghaidh a thabhairt ar an choill áitiúil le cnóanna a phiocadh agus ba anseo fosta a thosófaí ar chaitheamh toi- tíní. Tharraingeodh gasúr inteacht amach bosca stáin a mbeadh cúpla Teach Bhiddy Eddie

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3