Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 21 ‘butt’ ann, traidhfil cipíní solais agus bhíodh achan ghasúr ina fhear dhéanta agus cúpla smailc a bhaint aige as na ‘butts’. Is annamh nach bhfaigheadh na girseachaí amach faoi na heachtraí seo agus fágadh deis bhagartha acu a d’úsáid siad lá i ndiaidh lae -- go háirithe don obair bhaile. Caitheamh aimsire eile a bhí againn ná ‘Hounds and Hares’ áit a n -imeodh gasúr amháin ina rith agus d’imeodh an mhuintir eile sa tóir air. Ba ghnách le Bobby Coyle, a bhí ina ghasúr beag miotalach aghaidh a thabhairt ar Chnoc Ara agus ba sin an radharc deireanach a gheobhadh muid air. Le linn na n-amanna uilig a raibh sé mar ghiorria ní cuimhin liom gur beireadh air ariamh cibé áit a raibh a chró folaigh. Dar ndóighe dhéanfaí dearmad den chlog agus chan rud neamhchoitianta a bheadh ann muid pilleadh ar an scoil agus an clós a bheith folamh agus achan duine eile arais ag obair. Le linn dúinn a bheith inár seasamh i líne taobh istigh de dhoras an tseomra bhí a fhios againn cad é a bhí romhainn! Nuair a bhíodh an lá scoile thart cha bheadh deifir ar bith ‘na bhaile orainn agus ba mhinic muid ag dul d’achan chineál diabhlaíochta agus cleas- aíochta. Bhí teach beag galánta aoldaite ag an bhaintreach Biddy Eddie ag bun mhalaigh na scoile. Thart fan doras bhí rósanna óna raibh cumhrán a bheas liom a choíche. (Cé go n-amharcann rósanna an lae inniu go há- lainn céanna cad é is ciall dóibh a bheith chomh mór in easnamh i gcum- hracht?) Ar chúl an tí bhí úllord ina raibh crainn faoi ualach trom d’úllaí le- na mboladh milis agus fosta bhí toir spíonóg agus blackcurrant. Dúirt Biddy linn i gcónaí ceist a chur fá choinne na dtorthaí dá mbeadh torthaí ar bith a dhiobháil orainn agus bhí sí chomh maith lena focal. De thairbhe seo char briseadh isteach san úllord ariamh mar nach raibh dúshlán ar bith ann. Bhí úllord eile ag Paidí agus Shus Long Barney, deartháir agus deirfiúr a raibh cónaí orthu níos faide ar aghaidh.Cha dtabharfadh Shus úllaí ar bith duit ach dhíolfadh sí rudaí leat. Mar sin de ‘sé an cleas a bhí ann ná cúpla duine soineanta i gcosúlacht a dhul isteach ‘un tí aici le margadh a dhéanamh léi agus fhad agus bhí sise sáite sa mhargaíocht bhí cuid den mhuintir eile thu- as sna crainn ag líonadh a gcuid málaí le fia-úllaí nár itheadh ariamh. Go maithe Dia dúinn é! Ar ith tú turnip fuar as cuibhreann ariamh? D’ith muidinne go leor acu. Ba ghnách linn a dhul isteach sa chuibhreann seo agus turnapaí a tharraingt, iad a bhualadh ar chloch agus ansin an taobh istigh acu a chreimeadh. Shroich tú an teach, do bhéal scallta agus pian i do bholg agus an cúram

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3