Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 22 dúshlánach ort míniú do do mháthair cad chuige nach raibh ocras ort. Ach bhí lá amháin ann agus bhí iníon an fheirmeora i bhfolach ag fanacht linn agus slat bhreá saileoige ina glaic, chuir sin deireadh leis an iompar sin ar feadh tréimhse. Ach san am chéanna rinne muid rudaí ar an bhealach ‘na bhaile in amanna a bhí níos soineanta. San Earrach bhí na claíocha breactha le samharcainí agus a leithéid de chumhrán a tháinig uathu. Ba ghnách linn lán glaice de na samharcainí a phiocadh, a dtabhairt ‘na bhaile agus iad a chur i ngloinne uisce. Ansin chuireadh muid iad ar altóir na Bealtaine a bhí mar ghné d’achan teach Caitliceach san am sin. Is iad na samhaircíni na bláthanna is rogha liom go dtí an lá inniu de thairbhe na cuimhní a mhúsclaíonn siad ionam. Ceann de na rudaí a bhualann liom agus mé ag tabhairt na laetha sin ‘un cuimhne ná a laghad daoine a tharraing ar an scoil i gcomparáid leis an lá inniu. Is annamh a thug tuismitheoirí cuairt ar an scoil, bhí siad sásta an obair a bhain le oideachas na bpáistí a fhágáil acusan a bhí oillte go speisialta fána choinne. A leithéid de dhifríocht i saol an lae inniu, áit a bhfuil achan duine ina shaineolaí i gcúrsaí oideachais agus gan ach an t-aon pháiste amháin foirfe ar an saol agus gur le gach tuismitheoir é! ‘Sé an t -aon sagart a chonaic muid ná cigire eaglasta na deoise ar a chuairt bhliantúil agus bhíodh an tseachtain roimhe sin caite againn ag foghlaim de ghlan mheabhair ceist i ndiaidh ceiste gan deireadh. Uair sa mhí thagadh duine de na gardaí áitiúla a bhí mar oifigeach tinrimh ( m’athair fhéin) le súil a chaitheamh ar an tinreamh. Bhí lúchair an domhain orainn é a fheiceáil ag teacht mar go mbeadh sé fhéin agus an múinteoir , de ghnáth, sáite i gcomhrá fada eatorra fhéin (faoi chúrsaí peile is dócha!) agus fuair muidinne scíste a raibh muid buíoch ar a shon. Ba é an cigire an t-aon duine eile a bhuail isteach chugainn. Tháinig seisean uair sa bhliain le páistí a scrúdú do dheontas Gaeltachta labhairt na Gaeilge a raibh an luach flaithiúil de dhá phunta ag dul leis. Duine gan ghreann a bhí ann, craiceann mheaite, súile dorcha doimhne a raibh mar- canna dubha faofa agus fiacla fada buí. Níl amhras ar bith ná go gcuirfeadh páistí an lae inniu Dracula mar leasainm air. Bhí neart eolais againn roimhré i gcónaí go raibh sé ar an bhealach mar go bhfanfadh sé san óstán áitiúil. Cha raibh mórán carranna ar an bhealach ag an am sin agus cha raibh sé doiligh a cheannsan a thabairt faoi deara. Ba ghnáth le m’athair nóta a thabhairt domh don mháistír nuair a bhíodh ár gcara sa
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3