Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 23 timpeallacht agus chuirfí duine inteacht amach mar gharda faire don chuid eile den lá. Comh luath agus a d’fheicfí a charr chuirfí an bata i bhfolach ar chúl an phrios agus d’fhanadh muidinne ag fanacht air a theacht isteach. Bhíodh níos mó eagla ar na múinteoirí roimhe ná mar bhí orainne agus ba mhór an t- ábhar faoisimh a bhí ann d’achan duine nuair a bhaineadh sé na bonnaí as. Aghaidh an mhúinteora, nuair a d’fhágadh sé, a thug le fios cad é mar fuair muid ar aghaidh agus i ndiaidh domh mo lámha a fháil ar leabhar na tuairisce níos moille i mo shaol tá fhios agam anois go raibh na tuairimí i gcónaí, chor a bheith, fabhrach. Is fada an tseanscoil druidte mar atá an siopa ag a thaobh cé go bhfuil na foirgnimh ansin go fóill. Tá na múinteoirí anois ar shlí na fírinne mar atá Biddy Eddie, Susan agus Paidi, Den Cullen agus mórán de m’iarchomrádaithe scoile. Ach fanann a gcuimhní thart i gcónaí fé mar a fhanann a lán cuimhní sona atá agam fhéin faoi na laethanta a chaith mé i ScoiL Náisiún- ta Ghort na Bráide. Teach Phaidí & Shus Long Barney
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3