Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 24 Rugadh Breandán i gCarraig Airt sa bhl- iain 1938, duine de sheachtar clainne agus an mac ba sine a bhí ag an gharda Pádraig Ó Síoráin ón Mhuileann Cearr, Co. na hIarmhidhe agus a bhean Annie (Ciss) Reidy, gurb as Co Mhuigheó di ó dhúchas. Fuair Breandán a chuid bunoi- deachais i Scoil Ghort na Bráide agus uaidh sin chuaigh sé ar scoláireacht go Coláiste Éinde i nGaillimh sa bhliain 1953. I ndiaidh scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh sa bhliain 1957 chuaigh sé ar aghaidh go Coláiste Phádraig i nDroim Conrach áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir sa bhliain 1959. Theagasc sé i Scoil Náisiúnta, Rath Maoláin, Scoil an Phointe in Ard a’ Rátha agus i Scoil Cholmcille i nDuibhlinn Riach. Sa bhliain 1968 d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath áit ar theagasc sé i Scoil Assaim i Ráth Eanaigh, scoil ina ndearnadh príomhoide de inti sa bhliain 1978. Ar an drochuair fuair sé bás ina fhear óg i mí Iúil 1994 agus gan é ach sé bliana agus leathchéad. Tá cuimhne ag a chomhmhúinteoirí agus a chuid iarscoláirí air go fóill le meas agus urraim. A Shaol Pearsanta. Le linn an ama seo bhí Breandán ina bhall gníomhach de Chumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath agus mar Rúnaí bhí baint dhíreach aige le Gradam Pearsan Thír Chonaill na Bliana a chur ar bun agus mar gheall ar a chuid scile- anna scríbhneoireachta ba é a scríobh cuntas molta na chéad bhuaiteoirí. Phós Breandán Caitlín Ní Ghallchóir as Ard a’Rátha agus bhí ceathrar clainne acu: Ann Marie, Caitríona, Pádraig agus Pauline agus cé go raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cli- ath ba Dún na nGall an ‘baile’. Scríobh Breandán alt álainn fá na laethanta a chaith sé ar scoil Ghort na Bráide agus tá sé soiléir go raibh féith na scríbhneoireachta go smior ann. Lena chois sin tagann cuid dá thréithe pearsanta fhéin fríd a chuid scríbhneoireachta — fear séimh carthanach, gan aon cháineadh ná searbhas faoi dhuine ar bith a casadh air na blianta sin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3