Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 25 Ag an am seo den bhliain tá turas na gréine níos ísle sa spéir. Tagann clapsholas níos luaithe agus ansin bíonn oícheanta fada againn agus iad dubh dorcha. Tá ciúnas sa nádúr, níl ceol na n - éan ná crónán na mbeach le cluinstin. Ins na daichidí agus sna caogaidí nuair a bhí mise ag dul ‘ na scoile bhí rithim shaol na ndaoine ag brath go mór ar na séasúir. Chuirfí an barr san Earrach, dhéanfaí giollacht air i rith an tSamhraidh agus san Fhómhar bheadh toradh do shaothar agat. Ag an am seo den bhliain bheadh na cruacha féir agus coirce sa gharradh, cruach mhóna béal dorais agus teaghlaigh gnoitheach ag baint na bprátaí agus a gcur i bpoill chréafóige sna cuibhrinn. Go minic bheadh meitheal i mbun na hoibre, in amanna eile b ’ iad an teaghlach fhéin idir óg agus sean a dhéanfadh an saothar. Anois bhí daoine sásta, rinne siad a ndícheall i rith na bliana agus le toradh a saothair bhí uchtach acu an t - ocras agus an fhuacht a choinneáil ó dhoras le linn an Gheimhridh. Mar a dúirt mé cheana fhéin bhí dlúthcheangal idir saol na tuaithe agus séasúir na bliana. Bhí cothú coirp ag an phobal a chuideodh leo dúlaíocht an Gheim- hridh a chur tharstu ach bhí sé furasta tabhairt faoi deara fosta go raibh smúid ag teacht ar an dúlra. Bhí solas na gréine níos laige agus dathanna lonracha an tSamhraidh ar iarraidh. Thiocfaí a rá go raibh uaigneas an bháis ar an dúlra agus chuir an t - uaigneas seo srian stuama ar an lúchair a bhí ar dhaoine. Bheadh lúchair agus uaigneas sa chroí amháin. Ba é seo rithim an nádúir, sin mar a bhí sé leis na blianta agus luigh meoin agus iompar an phobail leis. Ach chan marbh a bhíos an dúlra ach ina codladh. In ainneoin dreach an bháis a bheith ar aghaidh an dúlra bíonn a croí te. Bíonn leapacha seascara le fáil ag ainmhithe agus fabhraíonn an bláth, an planda agus an pór i mbroinn an dúlra. Téann obair na beatha chun cinn. Saol gan Leictreachas. Tá mé ag caint anseo ar na daichidí agus na caogaidí sula dtáinig leictreachas go Ros Goill. Ba ghnách le lampa ola amháin a bheith i ngach cistineach, an lampa crochta ar thairne sa bhalla in aice an dorais. Wick amháin a bhí sa lampa, dá mbeadh lampa le wick dúbáilte bheadh an teaghlach sin ag bogadh suas sa tsaol agus creidim nach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3