Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 26 mbeadh réiceáil acu sa teach! Cha raibh an solas láidir agus d ’ fhágfadh sin an seomra lán scáilí. Go minic bhíodh níos mó solas ag teacht as bladhairí na tine. Ag an am seo fosta thosaigh tithe a fháil ‘ tilley lamps ’. Bhí an solas a tháinig uafa níos fearr agus bhí sé de bhuntáiste go rabhthar in ann é a thabhairt ‘ na bhoithigh agus ‘ na stábla le fo- dar a thabhairt don eallach roimh dheireadh na hoíche. Tithe Réiceála. B ’ iomaí cineál tí réiceála a bhí ann san am sin; tithe a dteachaigh an t - aos óg ar cuairt ann; tithe a raibh craic maith iontu, ar an bhaile s ’ againne i dtí an Bhodaigh, teach a bhfuair an lucht siúil foscadh agus dídean; tithe a raibh tine mhaith acu; bean a rinne an té agus a thug greim de thoirtín maith le hithe; corr áit a ndéanfaí pota maith bracháin; tithe a n - inseofaí scéalta faoi thaibhsí agus cúpla teach a n - aithriseofaí dánta béarla agus béim curtha ar an fhuaimniú a bheith ceart. Bhí a rogha fhéin ag achan duine. Chuaigh corr fhear ar lorg mná. Bhí fear amháin a dtabharfaí ‘ Oatfield ’ mar leasainm air mar go mbeadh pocán milseán ina phóca leis i gcónaí lena ghrágheal a mhealladh. An Réiceáil Tigh s ’ Againne. ‘ Sé mo chuimhne pearsanta fhéin den réiceáil ná a bheith mo shuí ag ceann an tábla i mbun m ’ obair bhaile agus cluas ghéar orm don chomhrá cois tine. Tháinig an Bo- dach isteach achan oíche fá choinne buidéal bainne agus bhí lúchair orm nuair a thógfaí ‘ latch ’ an dorais agus shiúlfadh sé isteach go ciúin socair. Bhain mé an - sult as a sheanchas agus a scéalta.Bhíodh scéalta leis fosta uaidh an lucht siúil a fuair fos- cadh ina theach. Thiocfadh seanduine eile a réiceáil go minic gan focal as go dtí go raibh sé i lár an urláir agus ansin deireadh se: ‘ How are you all be here? ’ Bhí sé mar charachtar as an Bhíobla. Grágán mór de ghruaig liath air faoi sheanbhearád, feasóg mhór bhán ar a raibh lorg na luatha buí inti agus seanchóta go dtí a mhúrnáin air. Fear cliste agus ba ghnách leis an páipéar a léamh don chuideachta. Ba scéalta áitiúla a bhí le cluinstin ag oíche réiceála; luach ainmhithe ar aonach Bhaile na nGallóglach nó an Chraoslaigh; bó ar dáir agus comharsa a raibh tarbh breá óg aige de phór maith; daoine a tháinig ‘ na bhaile le gairid ar an bhus; bean a chonacthas ag Aifreann an Domhnaigh agus éadach úr uirthi, cuma air go dtáinig sé as Meiriceá; bó a chuaigh tirim roimh a ham. Bhí an bhó seo caite. Chaithfí duine a fháil le í a thomhais. Bhí eolas cruinn ar luibheanna a bhí maith don tsláinte agus ansin daoine áirithe a raibh leigheas acu.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3