Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 27 Scéalta ón Chomharsanacht. Ansin bhí scéalta acu faoi rudaí a thit amach sa chomharsanacht. Bhí fear ann a bhí in ísle brí agus d ’ iarr sé ar a chomharsa a dhul chun na hArdaidh chuig Fr. Andrew le hoifig a fháil léite. Thug sé traidhfil scillingeacha dó le tabhairt don tsagart. Ar an bhealach ‘ na hArdaidh bhuail an tart an duine seo agus é ag dul thart le Teach Tabhairne Mháire Hannah ar an Chaiseal. Chaith sé an t - airgead agus phill ar an bhaile. Maidin lá arna mhárach chuimhnigh sé ar a ghnoithe chun na hArdaidh! Fuair sé gráinnín salainn, chroith sé deoir uisce coisricthe air, chuir é i gclúdach litreach agus thug suas chuig a chomharsa é. ‘ D ’ iarr Fr. Andrew ort é a chur ar d ’ ubh achan mhaidin agus beidh tú ar dóigh i gceann seachtaine ’. Bhí mo dhuine ar a sheanléim sula raibh an tseachtain caite. Scéal a chuala mé oíche eile faoi chomharsa a cheannaigh beathach ar aonach an Chraoslaigh.Bhí sí breá socair, aois mhaith aici ach shíl sé go ndéanfadh sí gar dó amach san Earrach. Bhuel nuair a tháinig an t - Earrach bhí an capall seo ar bhfiáin. Cha raibh sí sásta gléas de sheort ar bith a ligint uirthi fhéin. B ’ éigean í a bhacáil suas in aice na fuinneoige leis an broaching a shocrú uirthi. Fhad is bhíthear ag síneadh amach ar an fhuinneog le seo a dhéanamh bhí an beathach ag caitheamh leadhban- na aoil agus plástair den bhalla le achan chic. Bhí réimse leathan ábhair ag na hoícheanta réiceála.Bhí fear eile a raibh sé ar intinn aige pósadh ach cha raibh an deamheas acu ar an bhean a bhí ar intinn aige pósadh. ‘’ A Pheadair ’ a dúirt duine acu leis, ‘ Níl sí fiú amháin in ann bó a bhlí ’. ‘ Tá sí óg go le- or le foghlaim ’ an freagra a thug sé orthu. Bhí si thar an daichead ag an am. Phós si- ad, cha raibh bó acu, char fhoghlaim sí le bó a bhlí. Mar a dúirt mé bhí réimse leathan ábhair ag an réiceáil.Cha raibh achan ábhar oiriúnach do mo chluasa. Thosódh siad a chogarnaigh, ba sin mo chomhartha le héis- teacht ghéar a dhéanamh. Chuirfí fáilte roimh an té a tháinig isteach. Déarfaí leis ‘ Tar aníos agus suigh síos ’ Dhéanfaí spás ag an tine, chuirfí ceist, ‘ Scéal úr ar bith leat? ’ Cothú Intinne agus Anama. Rinne mé tagairt cheana den stór bidh a bhí ag an phobal mar chothú coirp i rith an Gheimhridh; sílim fhéin go raibh an réiceáil mar chothú intinne agus anama dóibh. I rith dhoineann an Gheimhridh, gaoth mhór, báisteach agus fuacht bhí daoine in ann theacht le chéile agus sólas, misneach agus uchtach a thabhairt dá chéile.Bhí obair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3