Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 3 thail Mhóir. Rosie: Rugadh Rosie sa bhliain 1840 agus pósadh í ar Thuathal Mac Lai- feartaigh as an Ard Bhán. Nóra: D’imigh Nóra go Meiriceá. Nead: (1851 — 1941) Rugadh Nead sa bhliain 1851 agus pósadh é ar Mháire Coyle as Carraic.Fuair Nead bás sa bhliain 1941. Anna: Rugadh Anna sa bhliain1864. D’imigh sí go Meiriceá. Nábla: Pósadh Nábla ar Neil Mac Eamharcaigh ( Mc Cafferty) as an Tearmann sa bhliain 1877. Micí Rua. (1842 — 1916). Rugadh Micí Rua sa bhliain 1842. Pósadh é sa bhliain 1875 ar Róise Eoin Nic Giolla Bhríde as Gleann Cheo agus bhí trí cloigne déag de chlann acu, cúigear mac agus och- tar níonach – Paidí (1878), John (1879), Edward (1881), Chéarlaí (1883),Bríd, (1886 ), Máire (1887), Ro- sie (1884), ( Bhí Rosie pósta ar Phaidí Ó hOireachtaigh as na Dúnaibh). An- nie( Annie Mhór,1888),Ellen ( Neilí Mhór,1890), Nóra (1892), Máire (1893), Micí (1899), Cití (1900). Bhí cónaí orthu sa tseanteach ar an Ghlíob. Fuair Micí Rua bás sa bhliain 1916 agus é na ceithre bliana dé- ag agus trí scór, bhí Róise dhá bhliain déag agus na ceithre scór nuair a fuair sise bás sa bhliain 1944. Bhí Annie pósta in Albain ar Alex Mac Giolla Choinnigh (Mc Elhinney) agus chaith Annie agus mac léithe a raibh Alex air fosta tréimhse sa bhaile le linn an chogaidh. Chuaigh Alex go Scoil Mhíobhaigh áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus bhí an Ghaeilge ar a theangaidh aige go dtí an lá a fuair sé bás traidhfil bliantaí ó shin agus é os cionn deich mbliana agus ceithre scór. Paidí Mhicí Rua. Róise Nic Giolla Bhríde, Gleann Cheo, ar chlé. Bhí sí pósta le Micí Rua Mac Giolla Bhríde Teach Mhicí Rua ón taobh ar Mhalaigh Ghleann Raithnigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3