Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 4 Duine de na mic a bhí ag Micí Rua ab ea Paidí agus rugadh Paidí sa bhliain 1878. Phós Paidí Róise Nic Giolla Bhríde as Cluain tSaileach, deirfiúr de chuid John Dhonchaidh Mhícheáil. Bhí ochtar clainne ag Paidí agus Rosie, ceathrar mac agus ceathrar ‘níonach – Rosie, John, Micí, Nellie, Máire, Dinis, Annie agus Pádraig. Rosie: Rugadh Rosie ar an 15ú Meitheamh sa bhliain 1914. Bhí sí pósta i Rath Mealtáin ar Barney Collins. Bhí Óstlann acu ar an bhaile ansin ar feadh blianta fada. Fuair Rosie bás ar an tríú lá fichid de Mhí na Nollag 1995. John: Rugadh John in Eanáir na bliana 1911 ach fuair sé bás seachtain ina dhiaidh sin. Nellie: Cha raibh Nellie pósta agus bhí cónaí uirthi sa bhaile i nGleann Raithnigh ar feadh a saoil.Rugadh í Meitheamh na bliana1932. Cha raibh a sláinte ró- mhaith agus fuair sí bás mí Márta na bliana 1977. Máire: Rugadh Máire i Meán Fómhair na bliana 1918 agus fuair sí bás ina girseach óg seacht mbliana dé- ag sa bhliain 1935. Micí: Rugadh Micí sa bhliain 1916 agus bhí sé pósta i Paidí Mhicí Rua Rosie Dhonchaidh Mhicheáil, bean chéile Paidí Mhicí Rua (ar dheis) lena deirfiúr Nan. Maire Mhicí Rua (fuair sí bás ag seacht mbliana déag) Seo litir a scríobh Máire chuig a hathair nuair a bhí sé ar shiúl as baile ag obair leis an Chomhairle Contae

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3