Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 5 Newcastle. Maraíodh é ag a chuid oibre ar an 27ú Lúnasa 1945. Cha raibh clann ar bith aige. Dinis: Rugadh Dinis ar an ceathrú lá fichid d’Aibreán 1912. Bhí sé pósta i Newcastle agus bhí ceathrar clainne aige, beirt mhac agus beirt iníonach. Fuair sé bás sa bhliain 1982. Annie: Rugadh Annie ar an 27ú Meitheamh sa bhliain 1920. Bhí sí pósta le Den Mac Giolla Bhríde as an Mheall Mhór agus bhí ceathrar clainne acu, triúr iníonach, Roseanne, Máire agus Sally agus mac amháin, sin John. Chaith Annie a saol i nGleann Raithnigh, bean ghealgháireach, lách chairdiúil, a raibh neart grinn inti. Fuair Annie bás seachtain roimh an Nollaig sa bhliain 2003. Paidí: Rugadh Paidí ar an 7ú lá de Feabhra 1923. Chuaigh sé go Glaschú ag obair ach ar an drochuair leag carr é dá rothar agus maraíodh é ar an 7u Lúnasa 1945. Cha raibh sé ach trí bliana agus fiche. Ag obair don Chomhairle Contae agus ag Iascaireacht. Bhí Paidí ina fhear léannta agus choinnigh sé dialann ar feadh tréimhsí ina shaol, dialann a bhain lena shaol pearsanta chomh maith lena shaol oibre. Is suimiúil an dialann a choinnigh sé agus é ina cheann urraidh ar obair na mbealtaí móra nuair a bhítí a dtarráil agus nuair a bhíodh obair chothbhála a dhéanamh orthu. Bhí sé ag dul don obair seo siar chomh fada le Gaoth Dobhair mar atá le feiceáil ón mhéid atá sa dialann aige. Chaith sé tréimhsí fada ag iascaireacht fosta agus dar ndóigh, mar atá le feiceáil óna chuid obair adhmadóireachta sa teach a thóg sé i nGleann Raithní bhí sé ina mháistir ar cheird na siúinéireachta. Mar sin de is cinnte gur fear ildánach (versatile) a bhí ann. Ag Iascaireacht. Na Deartháireacha Micí (clé) agus Paidí Mhicí Rua (Maraíodh an beirt acu i dtimpistí ) Dinis Mhicí Rua (Mac le Paidí Mhicí Rua, ar dheis ) Annie Mhicí Rua ar dheis, Dinis Mhicí Ó Gallchóir agus Cití Steafáin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3