Guth Ghoill, Eagrán 56
Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 6 Mar ba dual do stócaigh na linne sin chuaigh Paidí a’ iascaireacht nuair nach raibh sé ach thart fá scór bliain d’aois. Nuair a amharcann tú fríd ‘the Zulu fishermen’ le Pat Conaghan gheobhann tú léargas iontach ar líon na bhfear as an pharóiste seo a chaith tréimhsí ar an fharraige. Nuair a tho- saigh Bord na gCeantar Cúng ag cur bádaí agus an géar ar fáil do mhuintir na háite is fir óga a bhí a dhíobháil orthu. Mheas an Bord go mbeadh sé níos fusa oiliúnt agus smacht a chur i bhfeidhm ar an aoisghrúpa seo. Cuireadh teagascóir ar achan bhád agus bhí ar an chriú glacadh lena chomhairle agus lena chuid ordaithe. Is dócha go dtiocfaí a rá gur seo an chéad chineál fostaíochta buan a cuireadh ar fáil sa cheantar ariamh agus de thair- bhe sin nuair a shínigh na h-iascairí óga seo conradh (agreement) leis an Bhord d’fhéadfadh sé nach raibh an tuiscint cheart ag a bhfurmhór caidé bhí siad a’síniú. Bhí an Bord ag dúil go bhfanfadh na fir óga seo ag iascaireacht ar chriúanna na mbádaí seo go dtí go mbeadh an bád íoctha as agus go dtabharfadh siad an aire cheart don ghéar fosta. Mheas Pat Conaghan ina leabhar nach iontas ar bith a bhí ann mar sin gur tugadh bata agus bóthar do chuid de na hiascairí ó na bádaí corruair ach gur iontach an rud é gur mhair an scéim ó bhliain go bliain mar gheall ar chuid ama na n-iascairí a bheith rannta idir talamh agus farraige in amanna. St. Anna. Ba seo ceann de na bádaí a raibh Paidí Mhicí Ruaidh uirthi. Thug an Bord an bád do chriú as na Dúnaibh ar an 20ú Samhain 1901. Ba ag criú as Tei- dhleann a bhí sí roimhe seo. Ar an chriú as na Dúnaibh bhí: Pádraig Ó Luodhóg, (Pádraig Shéamais), Dún Dumháin, Pádraig Ó Buaidhe ( Paidí Mhicí Rua) an Ghlíob, Dónal Ó Conchúr, an Ghlíob, Anton Ó Dochartaigh, Paidí Mhicí Rua an ceathrú duine ó chlé sa tsraith i lár Báire .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3