Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 7 Baile na Deora, Mícheál Ó Siadhail, Dumhaigh agus Tuathal Ó Dufaigh, ( Tu- athal Mór) an Ghlíob. Don bhliain go Mí Márta 1905 shaothraigh achan fhear £19 6s 10d. Don bhliain a chríochnaigh Márta 1906 shaothraigh achan fhear £40 2s 10d. agus don naoi mí a bhí fágtha sa bhliain sin, ba sin ó Mhárta go Nollaig shaothraigh siad £44 4s 3d an fear. Dhíol na fir an bád ar ais chuig an Bhord ar luach £65 agus fuair siad £54 mar luach ar an ghéar. Seo leabhar Bhord na gCeantar Cúng a thaispeánann go raibh Paidí Mhicí Rua ina theagascóir (instructor) ar na bádaí iascaireachta fosta. Bhí cuntas le coinneáil sa leabhar seo ar an méid iasc a bhí na bádaí a thabhairt isteach ar achan thuras iascaireachta a rinne siad. Taispeánann sé fosta an luach a fu- air siad ar a gcuid éisc. Ba seo an cuntas a bhí aige don bhád an ‘ Harvest Star’. St. Molaise 11 Thug an Bord anois bád úr do chriú an St.Anna i Mí na Bealtaine 1907. An comhlacht Scott &Yule, Frazrburgh a thóg an bád, a bhí os cionn leathchéad troigh ar fhad, ar chostas £352 9s 8d. Bhí Paidí Mhicí Ruaidh mar scipéar ar an St Molaise 11 agus bhí athrú amháin ar an chriú agus sin gur ghlac Eoin Ó Bu-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3