Guth Ghoill, Eagrán 56

Eagrán 56 Deireadh Fómhair 2017 8 aidhe ( Eoin Phaidí Bhuaidhe) as Míobhaigh áit Phádraig Shéamais ar an chriú. Bhí £56 13s 3d saothraithe ag achan fhear go dtí an bhliain 1909, sin tréimhse dhá bhliain. Bhí íoctha as an bhád fán bhliain 1912, ghlac an Bord seilbh uirthi 1912 agus i mí Aibreán na bliana 1912 thug an Bord í amach arís don chriú chéanna ach le hathrú amháin, sin go raibh John a’ Dochartaigh, Gleann Úraí in áit Anton Ó Dochartaigh, Baile na Deora. Nuair a tháinig meath ar chúrsaí iascaireachta fán cheantar sna fichidí chaith cuid mhaith de na bádaí seo an chuid eile dá saol i mbarr a’ chladaigh ag Lag na hUilinne. Díoladh cuid acu ar luach an-íséal ach luigh a lán acu ansin go dtí gur lobh siad agus úsáideadh na creatlacha mar ábhar tine. Maidir leis an St. Molaise 11 d’fhógair an Roinn Iascaigh i mí na Samhna 1932 go raibh sí ar an mhargadh, bhí sí ina luí gan úsáid ag Lag na hUillinne ag an am. Char thaispeáin duine ar bith ábhar suime sa bhád agus díoladh í sa deir- eadh le Jack Buchan, a bhí mar cheann urraidh ar bhádchlós Mhíob- haigh, ar dheich scillinge. Nach brónach an mhaise é gur seo an deireadh a tháinig ar na bádaí breátha seo inár thug an oiread sin iascairí a mbeatha i dtír iontu ar feadh fada go leor. Ag Obair ar an Bhealach. Bhí Paidí ina cheann urraidh ar an obair a bhí ag dul ar aghaidh go lea- núnach ar na bealtaí móra, sna blianta sin i ndiaidh Saorstát Éireann a bheith curtha ar bun, go háirithe obair tharrála. Istigh le seo tá cúpla duilleog óna dhialann, chan amháin gur choinnigh sé cuntas cruinn ar chuile rud a bhí ag dul ar aghaidh ach ba scríbhneoir den scoth a bhí ann fosta agus an litriú ina dhialann cruinn beacht. Charbh ghnáthrud a bhí anseo do dhuine a ru- gadh sa bhliain 1878. De réir na dialainne thosaigh an bealach úr ón Ghlíob go Dumhaigh ar an Aoine an 20ú lá de Mheitheamh 1919. Bhí Paidí i gceannas ar an bhealach seo fosta. Tháinig an chéad charr nó is dócha gur vaein a bhí ann san am thart ó Dhumhaigh go dtí an Ghlíob ar an seachtú lá déag de Mheithimh 1924 agus ba sin an Mailcar. Seo an bealach anois ar tugadh an Atlantic Drive air ó thús ama agus bealach atá mar pháirt mhór sa lá atá inniu ann do Bhealach an Atlantaigh Fhiáin. Is dócha gur ar an bhealach seo atá cuid de na radhar- Taispeánann an píosa seo ina dhialann go raibh cleasaíocht agus maistíneacht ag dul ar aghaidh san am sin fos- ta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3